Ceannóga agus Coinlíní

An Ealaín Bhéil Seanphaidir Tabhair sinn anocht go bliain ó anocht, Sna grástaí is mó is na peacaí is lú. Má tchí Dia aon duine againn idir dhá chomhairle, Go seola Dia ar chomhairle ár leasa muid, Agus go sábhála sé muid ar ár dtrí namhad, Mar atá: an saol, an diabhal agus an cholainn. Go sábhála sé muid ar aicídeacha, ar ghalair ghránna, Ar thréan tinibh agus ar uisce, Ar náire shaolta, ar scannail phoiblí, Ar éag ár gcarad, ar dhrochshúil a bheith againn d'aon duine, Ar dhrochshúil a bheith ag aon duine dúinn, Agus ar mhailís ár gcomharsan. Máire Uí Chanainn, Machaire Rabhartaigh. Urnaí na Laoi (Laoi na mBuann) Urnaí na Laoi a bhí uirthi, dá ndéarfá an urnaí seo agus tú a ghabháil fríthe, bhí an duine sin caillte. Dá ndéarfá an urnaí agus gan tú a ghabháil fríthe, bhí an duine sábháilte…Mise ag ráit urnaí anois agus chuaigh mé fríthe, char dhúirt mé i gceart í, tá an duine caillte ach le tú a ghabháil a déanamh agus gan tú a ghabháil fríthe, tá an duine sin sábháilte. Ach, chaith- feadh bean é a thabhairt d'fhear nó fear é a thabhairt do bhean…Stócach amháin, d'imigh sé go Meiriceá agus bhí sé caillte, cha raibh a fhios cé acu a raibh sé caillte nó nach raibh… Dúirt siad an urnaí seo agus dúirt an bhean seo "bíodh geall go bhfuil sé caillte!" Báitheadh é. Mary Doohan, Baile Thiar, Oileán Thoraí. Urnaí in éadan drochaicídeacha Tháinig Íosa go bun na croise agus tháinig crith air, D'fhiafraigh na hIúdaigh de, an fiabhras atá ort nó fiabhras creathach, Ní fiabhras atá ann ná fiabhras creathach, Ach is beannaithe an té a déarfas mo chuid focla, 'S a choinneos i gcuimhne iad. Ní bheidh fiabhras nó fiabhras creathach air anois ná go brách, Trí shaol na saol. Áiméan. Gracie Nic Gairbheith, An Cheathrúin. Murchadh Beag agus Murchadh Mór Chuaigh Murchadh Beag agus Murchadh Mór amach a bhaint sú craobh lá amháin agus fuair siad ar aghaidh go maith agus fuair siad neart sú craobh. Tháinig siad abhaile leis an ghalún leofa agus shuigh siad síos. Bhí Murchadh Mór an-tuirseach. Dúirt sé go rachadh sé a chodladh tamalt – bhí an tráthnóna ann. D'iarr sé ar Mhurchadh Beag, "fhad atá mise i mo chodladh anois, coinnigh thusa súil ar an sú craobh sin agus ná lig do dhadaí theacht air." Chuaigh sé a chodladh agus nuair a bhí sé ina chodladh, thosaigh Murchadh Beag agus bhlais sé an sú craobh agus bhí blas an-mhaith air. Bhlais sé tuilleadh de agus chuaigh sé a dh'ithe. Stop sé cúpla uair agus smaointigh leis féin, "b'fhéidir go mb'fhearr domh stad anois!" Ach, ní thiocfadh leis sin a dhéanamh, bhí an blas ró- mhaith agus choinnigh sé ag gabháil agus d'ith sé an t-iomlán dearg. Nuair a mhuscail Murchadh Mór agus nuair a chonaic sé caidé mar a bhí os a choinne, bhí an-fhearg air. Dúirt sé, "an bhfuil a fhios agat caidé a dhéanfas mé, rachaidh mé amach agus gearrfaidh mé slat, bainfidh mé slat agus bhéarfaidh mé greasáil maith duit. D'imigh sé leis 'na choill go bhfaigheadh sé slat agus nuair a chuaigh sé a fhad leis an chrann le slat a ghearradh, dúirt an slat leis "ní bhfaighidh tú mise go bhfaighidh tú tua a ghearrfas mé!" D'imigh sé go bhfaigheadh sé tua… Seosamh Ó Beirn, An Cheapaigh Uachtarach. Ruthag as seanscéal Conallach.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3