Ceannóga agus Coinlíní

Thiar i gConnachta Thiar i gConnachta atá m'áit lóistín, Is nach fada ó bhaile mo theach is m'áit chónaithe Seolfaidh an long ar an chéad mhí Fhómhair, Is caithfidh mé an geimhreadh le mo mhíle stóirín. Chuaigh mo bhunadhsa anonn go hAlbain A dhéanamh cleamhnais le buachaill Sasanach; Nuair a shíl mé féin ó gur stócach óg a bhí ann, Caidé a fuair mé agam ach baintreach phósta. Is tá a fhios ag an tsaol mhór nach baintreach ab fhearr liom, Ach buachaill óg deas a mbeadh aoibh an gháire air, A shiúlfadh liom go ciúin is go ceadmhach Is a dhéanfadh comhrá ciúin liom go mín san oíche. Hannah Nic Ruairí, Baile Thoir, Oileán Thoraí. Loch Fhia Seanfhocal a chuala mé 's a chreidfeas mé i gcónaí; Gach aon ariamh mar oiltear é 's an fhuiseog ins an mónaidh; Cá bith tír a rachaidh mé ann nó a mbeidh mé ann i mo chónaí; Beidh mo chroí i mbruach Loch Fhia i lár na sléibthe móra. Eoghan Mac an Bháird, An tÉadan Anfach. Tomhais Tháinig sé gan mhothú, rugadh é gan craiceann agus fuair sé bás ag ceol. Cé hé? (Broim) Proinsí Mac Giolla Bhríghde, Cluain tSaileach Scéal Léithín Is cosúil san am sin go raibh fathach in achan chondae but fathach a bhí i dTír Eoghain chuala sé fá dtaobh de Léithín seo …agus d'inis duine inteacht dó gur fear measartha láidir a bhí ann nó gur fear trodach a bhí ann ar scor ar bith. So, tháinig sé féin aníos a chur troid air agus nuair a tháinig sé go dtí teach Léithín, is é bean Léithín a bhí istigh. Bhuel, bhí sise mór, bean mhór láidir a bhí inti. Agus, chuir sé tuairisc Léithín agus dúirt sise leis, "níl Léithín istigh inniu." Bhí eagla uirthise go maródh sé Léithín ar scor ar bith, an dtuigeann tú? Agus, ní raibh Léithín istigh ar scor ar bith agus dúirt an boc léithe – bhí lá fuar feanntach ann – agus dúirt sé léithe, "tá an teach seo ceart go leor ach dá mbeadh an ghaoth sa doras bheadh sé fuar anseo!" Agus…dúirt sise leis, "Á, bhuel, nuair a bíos drochlá anseo agus an ghaoth sa doras, tógann Léithín an teach agus cuireann sé an doras thart an taobh eile." Nuair a chuala an fathach eile seo, scaraigh sé agus d'imigh sé 'na bhaile. Sin an scéal. Is cosúil nach raibh ar an teach ach an doras amháin, an dtuigeann tú? Josie Mac Ceallabhuí, Ceann Loch Finne. Anna Nic an Luain, scéalaí agus seanchaí mór as na Cruacha, c 1955.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3