Ceannóga agus Coinlíní

Réamhrá agus Buíochas Réamhrá Le tuairim is cúig bliana anuas, bhí tionscadal béaloidis ar siúl faoi scáth Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair agus le linn an ama sin, cuireadh agallaimh ar 230 duine as beagnach gach cearn de Ghaeltacht Thír Chonaill – ó Fhánaid go Gleann Cholm Cille agus ó na Cruacha go hÁrainn Mhór. Tugann na hagallaimh seo an-léiriú ar shaol na ndaoine le corradh agus céad bliain anuas. Faightear spléachadh sa bhailiúchán seo ar shaol na feirme agus na farraige, ar chúrsaí fostaíochta agus imirce, ar sheanleigheasanna agus piseoga, ar chúrsaí spóirt agus caitheamh aimsire – gan amhras, clúdaítear beagnach gach gné de shaol an duine. Lena chois sin, tugtar léirstean maith dúinn ar chaint bheo na ndaoine, faoi mar a mhaireann sí san am i láthair agus an saibhreas canúna atá le sonrú fud fad na Gaeltachta. Mar pháirt den tionscadal, ní hamháin gur bailíodh tuairim is 380 uair de thaifeadtaí ach rinneadh digitiú agus mionscagadh ar an ábhar go léir. Rinneadh gach mír ar leith a bhí faoi chaibidil ag na faisnéiseoirí a rangú de réir an chórais a leag an béaloideasóir iomráiteach, Seán Ó Súilleabháin, amach ina leabhar A Handbook of Irish Folklore (1942). Sa leabhar sin, rangaítear ábhar an bhéaloidis sna ceithre phríomhchatagóir déag seo a leanas: Lonnú agus Cónaí; Ceirdeanna agus Cothú an Tí; Taisteal agus Gnó; An Pobal; An Duine; An Nádúr; Cúrsaí Easláinte agus Leighis; Am agus Féilte; Nósanna agus Piseoga; An tOsnádúr; Stairsheanchas; Seanchas Cráifeach; An Ealaín Bhéil; Cluichí agus Caitheamh Aimsire. Nach cinnte, faoi gach mórchatagóir acu siúd, tá na céadta fochatagóir i gceist agus clúdaítear neart acu sa bhailiúchán seo. Is féidir leis an phobal teacht ar an bhailiúchán iomlán ag an suíomh www.bealoideas.com. Beifear ábalta cuartú a dhéanamh ar chúpla slí: de réir na gcatagóirí atá luaite thuas, de réir ceantair nó de réir ainmneacha na bhfaisnéiseoirí iad féin. Tugtar tuilleadh eolais faoi na háiseanna cuartaigh seo mar aon le heolas ábartha eile ar líne. Tá blaisín beag den saibhreas eolais agus cainte atá sa bhailiúchán ar fad le fáil sa leabhrán seo agus ar an dlúthdhiosca a théann leis. Buíochas Ba mhaith le foireann an tionscadail a mbuíochas ó chroí a ghabháil le achan duine agus le achan eagraíocht a thug cuidiú ar bhealach ar bith leis an tionscadal seo. Ba mhaith linn buíochas ar leith a ghabháil leis na faisnéiseoirí go léir a roinn a gcuid eolais, a gcuid cuimhní cinn agus a gcuid ama go fial flaithiúil. Gabhann muid buíochas le teaghlaigh na bhfaisnéiseoirí fosta as a dtacaíocht agus as a gcuidiú uilig. Foireann an Tionscadail, Lúnasa 2011. Teach Dhónaill Uí Bhaoill, grósaeir, Tír Chonaill, c 1900.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3