Ceannóga agus Coinlíní

Cluichí agus Caitheamh Aimsire Cleasaíocht i dTeach na Faire …i ndiaidh am phaidrín i gcónaí a thosódh sin. Déarfaí an paidrín i gcónaí thart fán dó dhéag a chlog, a dó dhéag a chlog a bhí ann san am sin, déarfaí an paidrín i dteach na faire. Bhuel, bheadh na daoine ina suí ansin go maidin; bhí siad ansin go maidin go mbeadh an lá geal daofa…go rachadh siad 'na bhaile. But, bhí moll rudaí beaga acu, rudaí beaga simplí, bheadh siad ag cur amach an choirce agus bhí rud acu a dtabharfadh siad an gooley air agus rud eile a dtabharfadh siad an post air, rudaí mar sin. Rudaí beaga simplí…bhí na rudaí sin acu. Pádraig Ó Briain, Mín an Chladaigh. An Mileoidean in Inis Bó Finne Bhí tréan spóirt ann, an bhfuil a fhios agat. D'éireofá amach nuair a bhí mise i mo stócach óg, nuair a bhí an obair uilig déanta tráthnóna, chífeá macasamhail, bhéarfadh fear acu sin amach mileoidean agus shuífeadh sé taobh amuigh á bhualadh agus mhothófá míle ar shiúl é, agus na portanna, bhí sé galánta, bhí sé deas… Micí Mac Aoidh, Inis Bó Finne. Cosc ar Mhná Ceol i dTithe Damhsa Anois, bhí am amháin agus ní cheolfadh bean ar bith i dteach damhsa nó ní iarrfaí uirthi é. Bhíothar ag déanamh difear mór idir fir agus mná. Is cuimhneach liomsa nuair a bhí mé ag éirí aníos i mo ghasúr gur cheol girseach inteacht amhrán i dteach damhsa, ní raibh hall taí ar bith ag gabháil, agus bhíothar ag cúl- chaint uirthi tamall mór fada – 'ise ina seasamh suas mar a bheadh cnapán fir ann ag ceol amhráin!' Anois, is é na mná is mó atá ag ceol. Seán Ó Duibheannaigh, Carraig an Choill. Airneál sna Cruacha Ó, bhuel, bhí saol maith ann an t-am sin. Bhí, is cuimhneach liomsa, bhí in achan teach an t-am sin lán lucht airneáil achan oíche nó ní raibh raidió nó ní raibh teilifís nó dadaí i dteach ar bith an t-am sin. Ag caint agus ag comhrá, ina suí ag imirt chardaí fosta agus bhíodh; níl teach ar bith chóir a bheith nach mbíodh lán lucht airneáil ann achan oíche, in achan teach chóir a bheith. Ach, bhí na daoine fairsing an t-am sin fosta. Bhí lán tí in achan teach an t-am sin sna Cruacha agus achan áit a rachfá, chóir a bheith. Bhí mórán den aos óg ann, ní raibh siad ag imeacht as baile ná áit ar bith eile. Agus sin a raibh de chaitheamh aimsire acu – ag airneál achan oíche fríd na tithe. Ba ghnách leo a bheith ag imirt chardaí fosta fá na tithe agus rudaí mar sin. Bhí mórán den seanbhunadh, bhí mórán scéaltaí acu, bhí ana-scéaltaí ag an seanbhunadh – scéaltaí a dtearn tú dearmad anois dóibhthe nó ní mhothófá aon duine anois ag caint anois orthu…Bhíodh oícheanaí ceoil agus damhsa ann fosta… Pádraig Rua Mac an Luain, Na Cruacha. Aeraíocht ar Chnoc na Bealtaine, c1910.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3