Ceannóga agus Coinlíní

Lonnú agus Cónaí Teileann Bhuel, is dóiche gur fíorbheag áiteacha thart ar chósta na hÉireanna a bhfuil oiread béaloidis agus seanchais ag baint leis agus atá ag baint le Teileann…Ach, is é an iarsma is sine i dTeileann ná thíos ag an chéidh ar an áit a dtu- gadh siad an Tráigh Bhán air. Bhí port cabhlaigh ansin i bhfad sular tógadh an chéidh ar chor ar bith agus tógadh an chéidh mhór a bhí i dTeileann ins an bhliain 1883. Ach ag gabháil ar gcúl i bhfad níos faide go dtí an cúigiú haois, bhí manaigh ina gcónaí i dTeileann agus bhí mainistir ann agus tá an chruthú sin againn, ar an dóigh a dteachaigh cuid de na manaigh sin go dtí an Íoslainn agus thug siad leofa cuid dá gcuid trealamh agus chónaigh siad tamall ar an Íoslainn agus tá a gcuid lámhscríbhinní ins an Íoslainn go fóill. Ar a mbealach 'na hÍoslainne daofa, stop siad ar na hoileáin atá taobh thuaidh, mar a deir siad i mBéarla, na Faroe Islands agus thug siad leofa na caoirigh as Teileann iomlán an bhealaigh go dtí an Íoslainn agus deir siad go bé ón fhocal 'féarach' a tháinig na Faroe Islands ; gur stop siad ansin go dtearn siad moill lena caoirigh a fhágáil amuigh ar féarach agus rachadh siad an chuid eile den bhealach ansin chun na hÍoslainne. Anois, tá teach pobail san Íoslainn agus tá gloine ann agus ar phictiúr an ghloine, tá pictiúr de na manaigh ag teacht i dtír agus caoirigh leofa… Gene Eoghain Ó Curraighín, Teileann. Bunadh Inis Oirthir Bhí siad gaolmhar i gceart dá chéile. Bhí cuid mhór acu pósta isteach ina chéile. Bhuel, an dream a dtáinig mise nó a dtáinig mo mháthair dóibh…clann Pháidín, ba sin an dream ba choitianta istigh in Inis Oirthir, na McFaddens, clann Pháidín, agus na McGarveys ansin, bhí clann Mhic Gairbheith ann…Bhí measarthach Duibhirigh ann agus bhí Gallchóirigh ansin, páirtí Thomáis Mhóir a bhí ar an Luinnigh fad ó shin, ba ghnách bád an phosta a thabhairt isteach, agus clann Uí Fhrighil, bhí clann Uí Fhrighil go measartha fairsing ann. In m'amsa thart fá deich dtithe a bhí ansin, sin an chuimhne is faide atá agamsa agus ina dhiaidh sin is é an trioblóid nó nuair a thosaigh na tithe ag imeacht – thosaigh daoine a dh'éirí aosta, an dtuigeann tú. Bhuel, nuair a éiríos duine aosta, chan áit ar bith istigh ar an oileán nó níl sé ábalta curach a chaitheamh ar an uisce – amach is isteach. Gheofaí teach, b'fhéidir teach ar cíos amuigh ar tír mór nó b'fhéidir go gceannófaí teach beag ar tír mór nó rud inteacht mar sin… Agus, bhí na daoine ag éirí aosta agus bhí teach ag druid suas anois agus b'fhéidir fá cheann bliain nó beirt eile, bhí teach eile ag druid suas, agus choinnigh siad ag gabháil leofa agus an t-am ar tréigeadh ar fad é, nuair a stad daoine de bheith ina gcónaí ann – 1957. Muidinne agus dream de chlann Uí Fhearraigh an dá dhream, an dá theach dheireanacha a bhí ann… Tadhg 'Ac Cullach, Inis Oirthir. Cuan Theilinn sna 1940í.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3