Ceannóga agus Coinlíní

An Chros Tó i dToraigh Bhí siad ag rá gur fhéach fear inteacht í a bhriseadh, fear inteacht a bhí istigh a raibh Andaí na gCros air; ba é sin an trade a bhí aige, briseadh rud ar bith a chífeadh sé. Tá dhá mharc go fóill uirthi an áit ar bualadh dhá bhuile uirthi, chonaic mé féin sin. D'fhéach sé í a bhriseadh. An dóigh a raibh sí déanta, cha raibh top ar bith uirthi, mar T ann go díreach. Bhí siad ag ráit fad ó shin, an t-am a bhí na curacha fad ó shin ann sa tsean-am i bhfad roimh m'amsa, in am m'athar; chífinnse anois nuair a rachadh curacha amach a dh'ias- caireacht, tá a fhios agat an dóigh a mbíodh daoine ag iomramh, chífeá fir ag amharc ar an chros sin agus iad á gcoisreacadh féin…Níl aon churach ar bith ag gabháil amach ariamh nár amharc an fear tosaigh ar an chros agus rinne sé sign na croise – cé bith paidir a bhí acu? Antoin Mac Ruairí, Baile Thiar, Oileán Thoraí. Caisleáin Chlann tSuibhne An t-am sin bhí Mac Suibhne i gceannas, bhí caisleán mór acu thíos ar an Ráthán sin thíos i dtaobh Phointe Naomh Eoin…thíos taobh thíos de Dhún Chionnaola. Agus ansin bhog siad isteach agus thóg siad caisleán mór ar an Bhadhbhdhún agus tá sin ag amharc amach chóir a bheith an t-iomlán de Chuan Dhún na nGall ach níl rud ar bith de fágtha anois ach cúpla cloch, giota ar ghiota. Ar oíche na gaoithe móire, baineadh an díon de agus ó sin amach…Ach, ba é bunadh Mhic Suibhne a bhí i gceannas an t-am sin. Bhí trí chlann de Mhac Suibhne i réim san am sin. Bhí Mac Suibhne na dTuath. Ach Mac Suibhne na Miodóg a bhéarfadh siad ar an dream a bhí sa dá chaisleán seo in aice linne. Deir siad gur ar mhaithe le scian nó claíomh beag ar ghnách leo a iompar a mbéarfaí an mhiodóg orthu – gur sin an mhiodóg. Seán Ó Brádaigh, An Tamhnaigh. An chros tó i dToraigh, c 1906. Leacht cuimhneacháin Chlann tSuibhne i gCaisleán na dTuath in aice leis an Chraoslach.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3