Ceannóga agus Coinlíní

Ceirdeanna agus Cothú an Tí Giollacht an Lín i gcomhar Tuí Bhuel, pór an lín, rós a bhéarfadh siad air. Rós, agus bhí sé iontach doiligh a chroitheadh…fá choinne é a fhás. Bhí sé chomh sleamhain… Ansin, leagfá amach ansin, dá mbeifeá…ag gabháil a bheith a dhéanamh, b'fhéidir cistineach a bheadh sé nó seacht dtroithe déag ar fhad agus b'fhéidir dá mbeadh giota beag eile leis ansin, b'fhéidir cúig nó sé troithe eile. Leagfá amach ansin, thomhaisfeá amach slat is fiche achan dóigh. Agus chaithfeá do chuid rós air sin…Agus ansin, dá mbeadh barr measartha air sin, gheofá oiread lín air sin agus a dhéanfadh an teach duit, an dtuigeann tú. Agus cha raibh feidhm ort é a chur ar thalamh iontach maith – dá mbeadh an talamh cineál bocht…Agus d'fhásfadh an líon iontach maith air fosta. Bhéarfá leat ansin an líon fá choinne cuid an tuí agus nuair a d'fhásfadh sé, chaithfeá é a tharraingt. Cha dtiocfadh leat é a bhaint. Cha raibh tú ag gabháil a bhaint cosúil le coirce! Cha bhainfeadh sé duit…Tharraingeofá ansin é, déarfaidh mé nuair a bhí sé apaidh, b'fhéidir roimhe an fhómhar. Ansin dhéanfá sopóga de cosúil le harbhar…Ansin, dhéanfá stucaí de ansin, b'fhéidir ansin seachtain nó beirt ina dhiaidh sin, bheadh faill agat…bhéarfá leat é agus chaithfeá é a bháitheadh. Chuirfeá síos ins an uisce é, ach chan achan uisce a bháithfeadh sí ann. Cha raibh maith duit é a thabhairt leat soir sa tsruthán sin thoir agus é a chur isteach sa tsruthán, cha raibh sin ag gabháil a dhéanamh maith ar bith dó. Chaithfeá é a chur isteach in áit a mbeadh lear clábair ag teacht isteach san uisce - salachar agus cineál d'uisce caoráin…Bhainfeadh sé an sú amach as…Chuirfeá clocha ina mhullach istigh ansin, fá choinne é a choinneáil síos…Choinneofá ansin naoi lá é. Nuair a bheadh na naoi lá ansin thuas, thógfá é…agus spréifeá ansin ar an talamh é ach chaithfeá é a spréadh ar thalamh gharbh. Cha dtiocfadh leat é a spréadh anois ar thalamh bán, cha b'fhiú a dhath sin. Chaithfeá é a spréadh in áit a mbeadh neartrach… Gheobhadh sé ansin cúpla bailc mhaith fearthainne. Níodh sin an salachar amach as agus níodh sé cé bith sú a bhí ann amach as agus ansin d'imeodh sé…chífeá é ag éirí geal ansin. Thógfá ansin ar ais é agus dhéanfá sopóga de. Bhéarfá leat ansin é agus chuirfeá i gcois claí é. Tamall measartha, go dtí go dtriomódh an rud uilig amach as. Ansin bhéarfá leat ansin é, cé bith am idir sin agus Samhain… Thógfá leat ansin é, idir sin agus Samhain é, dá mbeifeá ag gabháil a chur tuí ar do theach. Agus ansin chuirfeá tuí ar an teach leis. Bhí sé iontach doiligh a chur air. Anois, an tuí sin, líon, bhí sé éadrom agus dá dtiocfadh gaoth bheag ar bith ar chor ar bith, bhí lá iontach maith a dhíobháil ort fá choinne é a dhéanamh. Agus níl lá ar bith ab fhearr a thiocfadh leat é a chur air ná a mbeadh siocán bán ann ar maidin. Bhí an lá ag gabháil a bheith ciúin. Jimí Beag Ó Gallchóir, Caiseal na gCorr. Teach ceann tuí i Ros Goill, c 1900.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3