Ceannóga agus Coinlíní
Bualadh an Bhainne agus an Gruth Buí Bhuail mise bainne go minic…an lonna aníos is síos. Agus ansin, bheadh scála deas adhmaid ann agus scalfá sin le huisce galach agus na spádaí a bheadh ag déanamh an ime agus líonfá lán uisce fuar é agus chuirfí an t-im isteach ansin. Chuimleofaí salann de na spádaí beaga, an dóigh nach ngreamódh an t-im dóibh…Tá cuimhne agam gur sin an chéad rud a bhí agamsa le déanamh, maistreadh mór bainne a bhualadh liom féin…An gruth buí… bhruithfeadh siad an bainne agus an gruth buí a bhí air d'ithfeadh siad é. Bhéarfadh siad babhla de, agus bhí gnás eile acu nuair a bhreithfeadh bó agus níodh siad an gruth buí, ba ghnách leo canna de a thabhairt isteach go teach na comharsana…Sin an nós a bhí ann. Agus ansin, nuair a bheadh siad ag ligint amach an bhó i ndiaidh breith, chonaic mé seandaoine do dhéanamh sin, bhí eagla orthu go dtiocfadh fairies uirthi – ba ghnách leofa an maide briste a chur trasna i ndoras an bhóithigh agus chuir- feadh siad cúpla aibhleog faoi agus thiocfadh an bhó de léim thairis sin…Bhí eagla orthu go dtabharfadh na fairies drochamharc ar an bhó. Máire Nic Fheargail, An Clochán. Iascaireacht sna Dúnaibh Thit an tóin as an iascaireacht anseo thart fá 1925. Bhí an iascaireacht, chuaigh sí síos cuid mhór an t-am sin. Mhothaigh mise m'athair, tá cuimhne agam i m'óige, bhí sé ar chéidh na nDúnaibh agus bhí trí chéad bád… luggers agus drifters istigh ar an chéidh. Bhí siad i rith an lae ag feitheamh lena gcuid lastaí a chur amach. Athrú mór, an dtuigeann tú. Tháinig luggers anseo, bádaí móra, bhuel, b'fhéidir leathchéad troigh ar fad, bádaí seoil a bhí iontu. Ach, ní raibh eolas ar bith ag na daoine anseo fá iad a sheoladh, tháinig fir anall as Sasain nó as Albain le foghlaim daofa cén dóigh le iad a sheoladh…Chuaigh an iascaireacht síos. Bhuel, thosaigh siad ansin a dh'iascaireacht bradán – rinne siad go maith tamalt orthu. Ach, anois níl iascaireacht bradán ná a dhath de shórt ar bith anois. Denis Mac Giolla Bhríghde, Cluain tSaileach. Ag ní éadaí i nGaoth Dobhair, c 1900. Ag maistreadh an bhainne i nGleann Eidhní fadó. Cuan na nDúnaibh, c 1900.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3