Ceannóga agus Coinlíní

Taisteal agus Gnó Amach agus Isteach go hInis Oirthir Daoine a bheadh amach is isteach, thaispeánfaí cá háit a raibh an marc seo daofa. An marc a bhí againne, tá sé ann go fóill…marc Thaidhg a bhí air, sin m'athair mórsa, Tadhg…thug siad marc Thaidhg air. Bhí marc Thomáis ann, bhí marc Phadaí ann, bhí marc Chonaill ann. Spota ins an dumhaigh a bhí ann. Cloch mhór a bhí san áit a raibh marc Thaidhg. Agus marc Chonchúir, cloch a bhí ann. Chóir a bheith gur clocha uilig go léir…Sheasfaí ar a leithéid seo de chloch in a leithéid seo d'áit. Bhuel, bhí cúpla duine eile ansin, séard a sheasfá thiar i lár na trá – díreach i lár na trá, ba sin marc Phadaí Uí Fhrighil…Marc ar tír mór…bheadh na daoine i dtólamh ag coimhéad amach ar scor ar bith; dá dtógfá do cheann ar chor ar bith, bhí siad i dtólamh ag coimhéad amach ar tír mór. Déarfadh duine inteacht, "tá duine inteacht ina sheasamh amuigh ar mharc Thaidhg." Bhuel, duine de mhuintir Thaidhg a chaithfeadh a ghabháil amach agus an duine sin a thabhairt isteach nuair a bheadh sé ina sheasamh ar mharc s'acu…Curacha uilig a bhí ag gabháil san am sin…Bhí an curach iontach sásta, bhí tú féin ábalta imeacht leis an churach…caithidh tú ar do dhroim é, caithidh tú ar an uisce é agus léimidh tú isteach ann agus tá tú ar shiúl amach. Tadhg 'Ac Cullach, Inis Oirthir. Bealach na Mine Buí Insíodh domhsa gur tógadh an bealach sin le fir amuigh agus cliabh orthu, ag carry áil an ghairbhéil ins na cléibh. Tá poll gairbhéil…ar imeall an chnoic agus sin an áit a dtáinig an gairbhéal, an chuid is mó de aniar as sin – thiar ar an Tulaigh. Bhí fir amuigh le piocóidí agus le sluaiste agus ag líonadh cléibh agus ag carry áil cléibh ar a ndroim – lán gairbhéil. Ní raibh airgead ar bith ann agus an pháigh a gheobhadh siad ag deireadh na seachtaine cloch mine buí – sin an pháigh a fuair siad. Agus sin an t-ainm a tugadh ar an bhealach sin, bealach na mine buí…ó sin isteach chun an Chlocháin Léith. Feidhlimidh Antoin Ó Domhnaill, Leitir Catha. Deireadh le Ré na Traenach Mo chuimhnese air, ní raibh paisinéirí ar bith uirthi. Nuair a chuaigh mise 'na scoile i 1946, bhí an traein ag gabháil ach móin a bhí sí a thabhairt ar shiúl. Bhí siad ag baint mónadh ar an Ard Donn agus bhí siad á tabhairt isteach le lorries agus le beathach agus carrannaí agus líonfaí na wagons agus rachadh na wagons go Saint Johnston. Tá cuimhne agam, ba ghnách léithe a theacht isteach ansin ach níl cuimhne ar bith agamsa ar na paisinéirí…Caithfidh sé gur chríochnaigh sí thart ar 1947. Padaí Mac Pháidín, Mín Doire Dhamh. An traein ag Stáisiún Ghaoth Dobhair sna 1940í.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3