Ceannóga agus Coinlíní

Droichead na Leacaí Bhuel, tógadh an droicéad sin, Droichead na Leacaí, ins an bhliain 1550 agus cosain sí trí fichead punta le í a thógáil ins an am. Anois, ní raibh droichead ar bith ansin ag an am ach bhí leacacha ag gabháil trasna na habhna thart fá leathmhíle nó b'fhéidir ceathrú míle níos faide suas níos deise don ghleann. Rachadh na daoine trasna fríd an uisce le fáil trasna agus leacacha a bhí leagtha trasna acu agus sin mar fuair an droichead sin a ainm... Proinsí Mac Giolla Bhríghde, Cluain tSaileach . Aontaí fá na Cruacha Théadh bunadh na gCruach lena gcuid stoic siar go hAonach an Bhrocaigh leis. Bhí dream daoine ar na Cruacha, clann Mhic an Luain, agus bheadh stoc mór acusan agus thigeadh dealers mhóra anuas as Condae Aontroma a cheannacht a gcuid molt. Ach, na daoine eile, mórán den bhunadh eile, théadh siad go dtí Aonach an Bhrocaigh…leis na huain. Agus, bheadh aonach abhus...ar an Bhrocaigh agus bheadh mórán stein íní ann, idir ag díol delph agus ag díol éadaí agus rudaí eile. Bhíodh sé ann ar an cúigiú lá fichead de mhí na Lúnasa agus bhí aonach measartha mór ansin acu ar an naoú lá déag de Mheán Fómhair agus bheadh aonach ansin ar an naoú lá déag de Dheireadh Fómhair agus sin an t-aonach a mbíodh siad ag ceannacht a gcuid ráithí uilig… Bheifeá ag fanacht le lá an aonaigh agus nuair a bhí mise ag éirí aníos agus bheinn anonn le mo mháthair chuig an aonach, bheadh corr shean- duine ann agus bhéarfadh siad leathchoróin agus dhá scilling duit. Bhíodh sin maith agus cheannófá rudaí beaga ag na stein íní air sin… Agus an rud céanna lá aonach an fhómhair na nGleanntach... Gracie Mhic Gloinn, An tArd Leathan. Aontaí fá Cheantar Ros Goill Bhí aonach thiar sa Ghleann. Ba ghnách le haonach a bheith i gCarraig Airt fosta. Thosaigh siad aonach i gCarraig Airt ach char mhair sé i bhfad. Ach, bheadh aonach ar an Chraoslach ar an deichiú lá de achan mhí. Bheadh aonach thuas i mBaile na nGallóglach ar an tríú lá is fichead de achan mhí agus ba ghnách le daoine caoirigh a thabhairt agus ba agus rudaí den tsórt sin – chaithfeadh siad iad a thiomáint. Thiomáin mise mé féin iad; ainmhithe suas go Baile na nGallóglach… Agus, is iomaí uair a chuaigh mé siar 'na Chraoslaigh…Bhí siúl fada go Baile na nGallóglach…Tá cuimhne agamsa muid ag fágáil anseo…d'fhág muid anseo ar a trí a chlog ar maidin, san oíche tá a fhios agat – ins an gheimhreadh a bhí ann, a trí a chlog agus shiúil muid suas agus bhí sé a haon déag a chlog sula raibh muid i mBaile na nGallóglach… Jimmy Mac Giolla Bhríde, Cluain tSaileach. Droichead na Leacaí.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3