Goitse, Nollaig 2013
Goitse 20 Nollaig 2013 5 Tomás Mac Giolla Bhrighde (an tríú duine ó chlé, ar chúl) le hAisteoirí Ghaoth Dobhair san léiriú a rinne siad den dráma ‘An Pháirc Tomás Mac Giolla Bhrighde ag an foscailt oifigiúil a rinne an t-aisteoir Siobhán Nic Cionnaith ar Amharclann Ghaoth Dobhair i 1961 Laoch pobail ar lár Tomás Mac Giolla Bhríghde 1923-2013 Noel Ó Gallchóir ‘Féach na fáinleoga ag Teach Archie ’s caoineadh ina nglór, tá aisteoirí sean ’s óg Ag sileadh na ndeor.’ (Pádraig Mac Giolla Easbuic) Rinne Tomás Mac Giolla Bhríghde a thuras dheireanach go Machaire Gathlán Dé Céadaoine an 11 Nollaig 2013. hAdhlacadh é sa Reilig úr, cúpla céad slat ón chéidh úr áit a gcaitheadh sé cúpla uair go mion minic ag siúl ar an Tráigh Dhearg, ina shuí sa charr ag déanamh a scíste nó ag amharc amach ar an fharraige agus ar Oileán Ghabhla, ábhar a amh- ráin dhraíochtúil ‘Céad Slán leis an Oileán’. D’fhág a chairde sa Chrann Óg slán ag a gcara Tom le véarsaí binne Sheán Bháin Mhic Grianna ‘Cumhaidh an Fhile’: ‘Is a Rí na na Dúl, nach trua nach mairfeadh Saol na suáilce dúinn go brách.’ Fear Pobail Bhronn Ollscoil na hÉireann Gaillimh Céim Oinigh ar Tom i 2005 mar aitheantas as an bhaint a bhí aige le cruthú fostaíochta sa cheantar agus i gcur ’un cinn na nEalaíon, an chultúir agus na Gaeilge. D’fhág Tom a lorg go smior ar an phobal agus chuaigh a shaothar, a dhea-shampla agus a shuim i ndaoine i bhfeidhm go mór ar pharóiste Ghaoth Dobhair go bliain a bháis. Fostaíocht Bhí Tom ar dhuine den bhaicle beag a chonaic go raibh géarghá le fostaíocht a chruthú i nGaeltacht Iar-Thuaisceart Thír Chonaill leathchéad bliain ó shin. Cheannaigh siad thar 100 acra de screabán lom in Ard na gCeapairí ó Choimisiún na Talún i 1965 agus iad ag smaointiú ar dhóigh phraitic- iúil le comóradh a dhéanamh ar chuimhneachán 50 bliain Eirí Amach 1916. Dhíol siad é le Gaeltarra Éirinn ar an luach céanna i 1967. Ba seo mar a cuireadh tús le Eastát Tions- claíochta Ghaoth Dobhair, An Screabán, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Ba fís agus gníomh Tom agus a chomrádaithe a leag an dúshraith don fhás eacnam- aíochta agus don chruthú fostaíochta a tharla sna blianta ina dhiaidh sin. Aisteoirí Ghaoth Dobhair Bhí Tom ina bhall d’Aisteoirí Ghaoth Dobhair (a bunaíodh i 1931) ó bhí 1938 ann go 2013 – 75 bliain! Bhí sé ag léiriú drámaí ó 1958. Bhí baint aige leis na Geamaireachtaí uilig, 8 ar fad, ó 1962 go 1973. Bhí sé páirteach mar aisteoir i ndrámaí móra na nAisteoirí – Neart na Córa, An Pháirc, Muiris Ó hAirt, agus go leor eile. Ba é a léirigh Bliain an tSiúlóra, An Strainséar Dubh, Aintín Shéarlais agus na céadta dráma eile. Ba é a bhí i mbun na nAisteoirí agus i mbun Amharclann Ghaoth Dobhair (a fosclaíodh i 1961) ó 1981. Bhí sé oilte in achan ghné den drámaíocht — aisteoir cumas- ach, fear soilse spleodrach, sár fhear smidte, scríbhneoir spreagúil, ach thar achan rud, bhí sé ina léiritheoir samhailt- each den scoth. Bhí a chroí istigh sa drámaíocht agus ina chuid aisteoirí. Dráma na Páise Ba Tom a scríobh agus a léirigh ‘Shoilsigh Solas sa Dorchadas’, a insint féin ar scéal Pháis Íosa Críost. Léiríodh é san Amharc- lann i dtrátha na Cásca i 1986, 1987, 1998 agus 2007. Bhí thar seasca duine i bhfoireann an dráma. Chuaigh an léiriú seo i bhfeidhm go mór ar na sluaite a chonaic é, go dramatiúil agus go spioradálta. Ba seo mórléiriú Tom, léiriú a raibh se iontach bródúil as ina dhóigh mhacánta féin. Pobalscoil Ghaoth Dobhair D’fhág Tom lorg a láimhe ar dhá ghlún d’aos óg Ghaoth Dobhair, sa Cheard Scoil agus i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Bhain a chuid léirithe an príomh dhuais – Scoth Léiriú na Féile — ceithre huaire ag an Fhéile Náisiúnta Scoildrám- aíochta i 1970 agus i 1994 le ‘Caitlín Ní hUallacháin’, i 2009 le ‘Chun na Farraige Síos’ agus i 2013 le ‘An Fear a Phós Balbhán’. Fuair a chuid aisteoirí 50 duais aisteoireachta ag na Féilte le suas le leathchéad bliain. D’fhoghlaim na scoláirí cuid mhór uaidh agus bhí meas millteanach acu air agus ag Tom orthu. Tom a’ Bhungaló Agus Tom é féin – Athair maith, Fear céile dílis; fíorGhael agus fíor-Chríostaí; fear umhal, ionraice; fear a thug a chuid ama go fial fairsing; fear neamhspleách, díreach; fear foighdeach, garach, greannmhar; Fear a raibh a chroí istigh i leabhair agus sa léitheoireacht; comhráití caoin; fear léannta, fealsúnach; fear fisiúil, ceann- ródaíoch; fear a raibh ardmheas air agus a chrothnóidh sean agus óg. ‘Do na Gleanntáin ghlasa Ba mhór do ghrá ’S cuirfear crothnú ar do choiscéim I mbéal na trá. In amharclann na bhflaitheas, a Tom Go raibh tú anocht sa ghlóir, ’s le sean aisteoirí Ghaoth Dobhair Beidh agaibh geamaireacht ar dóigh.’ (Pádraig Mac Giolla Easbuic) MARBHNA
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3