Goitse, Samhain 2010

10 Goιtse Samhain 2010 Gradaim Liteartha bronnta ar dháltaí áitiúla Bhí scaie mór i láthair ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair do bhronnadh Gradaim Liteartha na Gaeltachta. Bhain Brídín Ní Mhaoldomhnaigh as an Phobalscoil an chéad duais do dhán faoina máthair a cailleadh anuraidh. Ní raibh Brídín ábalta bheith i láthair ag an ócáid mar bhí sí ag scannánú cláracha Ros na Rún ina bhfuair sí páirt ar na mallaibh. Ach bhí go leor eile ann le gradaim a ghlacadh ó Aifric Mac Aodha, an file clúiteach as Baile Átha Cliath. Cuireadh an oíche i láthair ag Áine Ní Chuirreáin as Raidió na Gaeltachta agus labhair Mícheál Mac Aoidh, oifigeach ealaíne le Ealaíon na Gaeltachta ar an obair mhór a bhí déanta ag múinteoirí Gaeilge sna meánscoileanna Gaeltachta leis an scríbhneoireacht a spreagadh sna dáltaí. Bhí dáltaí as Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Pobalscoil Chloch Cheannaola agus Pobalscoil Cholmcille ar Oileán oraí i measc an scaie agus bhain Criostóir Ó Mianáin as Pobalscoil Colmcille gradam don agallamh beirte agus gradam filíochta dá dhán Taibhreach . Nach maith iad uilig! Ceithlinn Ní Dhuibhir Ní Dhualacháin Caoimhe Nic Pháidín Ní Dhomhnaill Josephine de Búrca Caitríona Ní Dhomhnaill Rosie Ní Gharbheith Nóirín Ní Ghairbheith ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair ag glacadh a gradam ó Aifric Nic Aodha.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3