Goitse, Samhain 2010
Bhuel tá an Geimhreadh againn anois go cinnte, tá an aimsir fuar fliuch agus gruama agus is cosúil go mbeidh sí anseo ar feadh tamaill. Tá nios mó dorchdais agus níos lú solas lae againn; fán am seo den bhliain cha bhíonn mórán le déanamh ó thaobh na nglasraí de ar an eirm. Tá na glasraí uilig istigh sa tollán tógtha againn, ach amhain na duilleoga sailéaid atá ag fás go fóill, cé nach mbíonn mórán fonn orainn sailéad a ithe nuair a bhíonn na laetha fuar agus gruama. Rinne muid a léir anlainn as na trátaí agus tá siad seo sa reoiteoir, tá na pónairí agus píseanna sa reoiteoir fosta. Ta seatnaíthe agus picilí déanta againn fosta leis na cúirséid, cúcamair agus trataí. Mar sin, cé nach bhfuil mórán glasraí ag fás sa tollán, tá glasraí leasaithe againn fá choinne an gheimhridh. Tá na glasraí a bhí ag fás amuigh taobh amuigh tógta againn fosta. Tá na prátaí, oiniúin agus gairleog ar storais againn; arís beidh muid ábalta iad seo a bheith againn fríd an Gheimhreadh. Mar sin, leis an tollán folamh agus na pairceanna lom níl mórán le déanamh ó thaobh na nglasraí de ach tá an talamh le déanamh réidh fá choinne an Earraigh agus na glasraí úra a bheas le cur. Faoi láthair tá muid ag meascadh aoiligh agus feamainne isteach fríd an chreafóg. Nuair a thiocfas an t-Earrach beidh sé briste síos go maith fríd an chreafóg. Rud amháin a d’foghlaim muid ón bhliain seo nó a bheith cúramach gan barraíocht leasa a chur sa talamh, mar i mbliana ní raibh an chreafóg ina raibh na trátaí curtha ann milteannach fóirsteanach do na trátaí, agus caithfidh muid súil a choinneáil air sin an bhlian seo chugainn agus gaineamh a mheascadh fríd an chreafóg chun níos mó draenála a bheith ann. Seo am maith den bhliain le crainn torthaí a chur agus faoi láthair tá muid ag amharc fríd chatalóg síolta Seed Savers. Seo comhlacht Éireannach atá dírithe isteach ar a bheith ag díol síolta agus crainn dúchasacha na hÉireann, agus mar sin de ma ásann muid na plandaí seo, bíonn a ios againn go bhfuil siad dúchasach don tír agus do aeráid na tire seo. Idir seo agus mí Eanair am maith den bhlian le gairleoig a chur agus tá muid ag déanamh réidh an talamh fá choinne na bleibe a chur gan mhoill. Cheannaigh muid isteach chóir a bheith céad Euro de luach gairleoige i mbliana agus mar sin caithfidh muid déanamh cinnte go bhfuil gach rud déanta mar is ceart chun iad a ás go maith. B’éidir go bhfuil moill ar ás na nglasraí fán am seo den bhliain ach tá na hainmhithe ag fás leo. An rud is measa nó go mbíonn droch-thalamh thart ar áit ar bith a mbíonn na muca ina gcónaí. Leis an aimsir liuch, bíonn clábar agus an talamh fliuch báíte. Níl mórán réiteach ar an adhb seo, tá an rogha againn na muca a thabhairt isteach go dtí na stablaí fríd an aimsir olc ach bíonn fadhb leis sin fosta. Éiríonn cosa s’acu nimhneach ag siúl ar an coincréid agus mar sin fágann muid amuigh fríd na páirceanna iad. Bíonn cuma níos sásta orthu amuigh, is cosúil nach gcuireann an droch aimsir isteach orthu. An tUisceadóir Eanáir 21 - Feabhra 19 Titeann rudaí as a cheile. Ná lig do dhaoine an milléan a chur ortsa i gcónaí. Fiú má tá sé de cheart acu agus gur tusa atá ciontach. An tIasc Feabhra 20 - Márta 20 Ní seo am maith duitse comhairle a ghlacadh. Mar sin níor chóir cluas a thabhairt do mholadh do chomrádaithe. Ach déan do rogha féin. An Reithe Márta 21 - Aibreán 20 Bhál a Reithe, tá gach seans go dtiocfaidh an spiorad naomh ort lá den mhí seo. Ach muna gcreideann tú ina leithéid ní dhéanfaidh seo maitheas ar bith duit — A mhalairt — cuirfidh sé corraí ort! An Tarbh Aibreán 21 - Bealtaine 21 Le gairid tá tusa ag machnamh barraíocht ar ghnóthaí an tsaoil seo. Tá tú curtha trí chéile ag seo. B’fhéidir go bhfuil faoiseamh uait. Dírigh níos mó ar an chraic. An Cúpla Bealtaine 22 - Meitheamh 21 Beidh brionglóid fíor aisteach agat ceann de na hoicheanta seo chugainn. Cuirfidh sé iontas ort ach coinnigh agat féin é muna bhfuil tú ag iarriadh bheith id’ ábhar magaidh ag do chairde. An Portán Meitheamh 22 - Iúil 22 Seachain nuacht ar bith ar feadh cúpla seachtain. Ná léigh na páipéir agus ná bac leis an raidió. Ar mhaithe le do chiall. Beidh seo mar saoire ag do intinn bocht. An Leon Iúil 23 - Lúnasa 23 Ba chóir duit do réim bia a leathnú píosa. Go háirithe iarracht a dhéanamh I bhfad níos mó tornapaí a ithe. Agus b’fheidir in áit tae, seiris a ghlacadh anois is arís. An Mhaighdean Lúnasa 24 - Meán Fómhair 22 Thar rud ar bith eile, bí cínnte go n- imríonn tú an lotto. Nó má tá sé de nós agat caith am sa geallghlacadóir. De réir na gcomharthai beidh an t-ádh dearg ort lá de na laethanta seo. An Mheá Meán Fómhair 23 - Deir. Fómhair 23 Cé gur eol do do chomraidaithe go bhfuil do dhóigheanna beaga corra agat, le tréimhse, measann said go bhfuil tú ag dul thar fóir. Cáidé do bharúil féin? An Scairp Deireadh Fómhair 24 - Samhain 22 An bhfuil locht ar do chóras? Roimh deireadh na míosa tiocfaidh modh oibre ceart chugat i mbrionglóid. Bí réidh chun é a chur i bhfeidhm láithreach. An Saighdeoir Samhain 23 - Nollaig 21 Tá tusa brúite le leadrán an tsaoil. Ní mór duit tú féin a chroitheadh as an spadántacht. Caitheamh aimsire uait b’fheidir. Bhí deá-phlean agat tamall ó shin má chuimhníonn tú air. An Gabhar Nollaig 22 - Eanáir 20 Tá an tsaint ionat go smior agus tiocfaidh seo chun solais gan mhoill. Nochtfar an tréith do chara áirithe agus seans go ndéanfaidh said athbhreithiúnas ar bhur gcaidreamh. Sna Réalta Tá oideas ag Bríd na mBuataisí a bhaineas an ghruaim de laethanta gairide an Gheimhridh Blag namBuataısí 2 puimcín inchnó, craicinn díofa, siolta glanta amach agus an puimcín gearrtha ina gciúbanna 2 práta, craicinn diofa, iad gearrtha ina gciúbanna 2 oiniún, craicinn diofa mionghearrtha 2 ionga gairleoige mionghearrtha Píosa sinséara, thart fá saghas do ordóg, mionghearrtha no grátáilte Cillí amhain síolta glanta de agus é mionghearrtha Spúnog tae garammasala Spúnog tae turmeric Go leor stoc glasraí nó sicín leis na glasraí a chlúdach Ola olóige Uachtar no iogart Téigh an ola olóige i bpota mór. Cuir na h-oiniúin, gairleoig, sinséar agus cillí sa phota agus frioch iad go bog ar feadh cúpla bomaite. Cuir isteach an garam masala agus an turmeric, frioch ar feadh bomaite eile. Ansin cuir isteach na prátaí agus na puimcíní imchnó, measc thart iad go mbeidh said clúdaithe leis na comhábhar eile, sauté iad ar feadh cúpla bomaite. Ansin cuir isteach an stoc go dtí go mbíonn na comhábhar uilig clúdaithe Lig dó suanbhurith go dtí go mbíonn na puimcíní deas bóg Blitzeal an anraith le próiseálaí bia ig leat braon uachtar no iogurt a chur ar an anraith agus sin é reidh le seirbhéail –Bee na mBuatais Samhain 2010 Goιtse 11 Anraith Puimcín Imchnó Tá a fhios ag achan duine gurb é seo an t-am den bhliain nuair a itheann muid níos mó anraithe agus stobhach. Bia compórdach atá san seórt cócaireacht seo. Seo anois oideas do ceann do na béiltí is fear liom fán am seo den bhliain. Seo ammhaith den bhlian le gairleoig a chur
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3