Goitse, Samhain 2010

Siopa Carthanachta An Uaimh – Siopa Pobail (Charity Shop) - Oscailte Dé Luain – Dé hAoine 10 a.m. – 5 p.m. Bargains go leor! Fáilte romhaibh. Ionad Naomh Pádraig, Dobhar Cúrsaí Ionad Naomh Pádraig Tá na cúrsaí seo a leanas ag toiseacht gan mhoill, tuilleadh eolais le fáil ó Mháire ag 074 9532949. • Photoshop • Bun Chúrsa Ríomhaireachta Fetac Leibhéal 3, • Cúrsa • Ceardaíochta na Nollag Tá an cúrsaí seo páirt- mhaoinithe ag Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall. Cúrsa Photoshop – ag toiseacht gan mhoill, má tá suim agat sa chúrsa seo cuir scairt ar Mháire ag 074 9532949. Gnólachtaí áitiúla An bhfuil tú i mbun gnó? Ar mhaith leat breis poiblíochta? Beidh lá oscailte á reáchtáil in Ionad Naomh Pádraig chun deis a thabhairt do lucht gnó iad fhéin agus a gcuid táirgí a chur chun cinn. Bí linn agus ghlac seastán ar an 27 Samhain, 12 – 5 i.n. le do ghnó a chur i mbéal an phobail. Beidh comhairleoirí gnó, fostaíochta agus airgid i láthair ar an lá . Aonach na Nollag Ceardaíochta/Aonach Leabhar & Daidí na Nollag – 5 Nollag – Le tábla a chuir in áirithe, cur scáirt ar Mháire ag 074 9532949. Ócáidí Shóisialta Dinnéar & Damhsa na Nollag Beidh Dinnéar is Damhsa mór ar siúl in Ionad Naomh Pádraig ar an 11 Nollag, Oíche mhaith geallta do idir óg agus aosta. Ticéidí ar fáil ar chostas de €15 an ceann. Cuir glaoch ar Mháire le ticéid a chur in áirithe ag 074 9532949. ————————————— Fógraí Pobail Más mian leat poiblíocht a dhéanamh ar ócáid pobail déan teagmháil le goitsenuacht@gmail.com ————————————— Samhain 2010 Goιtse 13 Busanna Uí Ghallchóir Patrick Gallagher Coaches Seirbhís laethúil idir Anagaire agus Béal Feirste info@gallagherscoaches.com 00353 (0)74 9531107 00353 (0) 87 2330888 / 2245848 Fax: 00353 (0)74 9532873 www.gallagherscoaches.com áinig an focal samsál aníos sa chomhrá idir na hamhráin, ag an oíche mhór-cheoil i dteach Hiúdaí Bhig ar an Chéadaoin, díreach in am le bheith réidh do chuairt ó cheann ar bith de na hiarrthóirí. Cuir an dubh ina bhán orm uair amháin agus mo náire thú. Cuir an dubh ina bhán orm an darna huair, agus mo náire mé féin. Bíodh muid réidh le gan glacadh le samsál ar bith ag an doras. Níl a dhath eile le cluinstin ón rialtas ar na meáin.Mar shampla amháin, tá Éamonn Ó Cuív ag maíomh gur cuireadh gym ar fáil i mbliana do Phobalscoil Ghaoth Dobhair. Go deimhin, a Éamoinn, ach bhí an scoil i dteideal é a áil ó 1987. Le 25 bliana tá an scoil ag troid ar a shon. Ní raibh an neamart a bhí siad ag déanamh ar dhaoine óga an Iar-thuaiscirt ag cur mórán buairimh ar an rialtas idir an dá linn. Ach caithfidh muid a bheith ag súil ar a laghad go dtiocfaidh athnuachan as an ghéarchéim thubaisteach seo. Cheana féin tá céim bheag amháin sios- maideach glactha ag anAire Dlí agus Cirt: thug sé ar bhreithimh smaointiú ar sheirbhís phobail (CSOs) a ghearradh mar phionós i gcásanna go mbeadh an gnáth-phíonós thart ar 6 mhí sa phríosún. Dar leis, sábhálfar 17 milliúin euro sa bhliain — ach níos tabhachtaí, de réir taighde, beidh sé níos éifeachtaí le mion-choirpigh a sheoladh ar bhealach a leasa, agus rachaidh sé chun tairbhe an phobail fosta. I ndiaidh an cur-amú agus an neamairt agus an caimiléarachta a scrios an tír, tá cúpla rud maith fágtha ó ré an Tíogair Ceiltigh. Tá tithíocht níos fearr — ach ó thaobh tithe de, má ghlactar seilbh orthu anois, nuair nach féidir na morgáistí oll-mhóra a bhrúigh na bainc ar dhaoine a aisíoc, ba chóir, ar a laghad, go gcuirfidh an rialtas iacall ar na bainc chéanna na tithe sin a ligint ar ais do na daoine a chaill seilbh orthu ar chíos réasúnach. Agus ag trácht ar na bainc, iad siúd a scrios eacnamaíocht na tíre, agus atá á sábháil lenár gcuid airgid — nár chóir iad a chur le céile in aon bhanc amháin agus é sin a náisiúniú agus cosc a chur láithreach ar phá ró-ard do lucht a riaracháin? Má fágtar rogha ar bith againn, caithfidh muid iarracht a dhéanamh a chinntiú nach laghdófar ar ineistiú in oideachas ná i gcruthúnas postanna. Sé pobal oilte cruthaíoch fiontrach a shábhálfas an tír. Nach deas a eiceáil comh maith agus atá ag éirí le Súgrú, an comhlucht a bhunaigh céimí óg den NCAD ar na moillibh. Ceannaigh seo ar an idirlíon, is ábhar é atá de dhith in achan teach: ealaíon, cruthaíocht eólaíocht agus fiontar ag teacht le céile.Agus is tré oiliúint amháin a thig déileáil le fadhbanna drugaí agus na tinnis so-sheachanta a chuireann oiread brú ar sheirbhísí slándála, dlí, agus sláinte. Agus thar aon ní eile tá réamhscolaíocht agus breis áiseanna de dhíth ar pháistí ó chúlra mí-bhuntáistithe le go mbeidh a dtalainn ar fáil mar bhuntáiste don tír in áit a mhalairt de scéal ar fad. Caithfidh an meán-aicme agus iad siúd ag an barr cuid dá bpribhléidí a thabhairt suas le tír níos cothroma a dhéanamh. Athrú poirt ar fad anois: fágfaidh mé na hábhair ghruama seo mar seans go bhfuil cibé tionchar atá againn orthu ag sleamhnú amach as ár lámha agus mé ag scríobh. Léigh mé dhá leabhar tábh- achtacha le gairid: Vegetables for the Irish Garden le Klaus Laitenberger, atá ag fás glasraí sa taobh seo tíre le 20 bliain. Tá sé le fáil ó www.cultivate.ie nó www.theorganiccentre.ie agus níl leabhar ar bith níos praiticiúla nó níos foirstiní dúinne anseo le fáil. Molann sé 6 nó 7 órlach de feamainn a chur anois ar leabaí atá in úsáid cheana féin agus beidh siad réidh don Earrach gan stró. Sé an darna leabhair ná Irish Seaweed Kitchen leis an dochtúir Prannie Rhatigan ón Iar-thuaisceart fosta. Tá taighde déanta ar an eamainn mar bhia a léiríonn a cumas agus a héifeacht le córas cosanta an choirp a neartú in éadan tinnis mar ailse, vírais, scoltacha agus eile. Tá an leabhar lán eolais fá na cineálacha feamnach a thig ithe, agus na háiteacha a gheo- bhaidh tú iad ar an chladach. Agus ar ndóigh tá siad ar fáil réamh-ullmhaithe sna siopaí ag an comhlucht a bhunaigh Manus McGonigle ar an Chloch Ghlas, Ailt a' Chorráin, Quality Sea Veg, atá ag obair leis an nádúr,agus ag tapú ar cheann de na deiseanna atá againn sa taobh seo tíre. Bullaí fir! Tá leabhar Prannie Rhatigan lán oidis do mhiasanna blasta. Mar adeir sí, “Is taisce beo ar an chladach an eamainn — níos luachmhaire ar fad ná ór”. Nóra Chit An Naoscach le Nóra Chit FÓGRAÍ POBAIL goitsenuacht@gmail .com Más mian leat seaneagráin de Ghoitse a cheannacht déan teagmháil le goitsenuacht@gmail.com Samsál, súgrú is féasta feamainne Feamainn sa chistin: Leabhar úr leis an Dr Prannie Rhatigan atá lán eolais fá na cineálacha feamnach a thig ithe, agus na háiteacha a gheobhaidh tú iad ar an chladach.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3