Goitse, Samhain 2010
14 Goιtse Samhain 2010 Doimnic agus Griogair ag ceol gaulainn le gualainn Sheol an an t-amhránaí sean- nóis as Gort an Choirce, Lillis Ó Laoire, an dlúthdhiosca úr Guaillibh A’ Chéile ag ócáid i dTeach Hiúdaí Beag ar na mallaibh. Rogha amhráin as Éirinn agus Albain ceolta ag Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Griogair Labhruidh, atá ar an diosca. Ceiliúradh ceoil atá sa diosca ar an cheangal Ghaelach idir Éirinn agus Albain. As an Charraic do Dhoimnic agus is as tuaisceart Earra- Ghàidheal in Albain do Ghriogair. Tá fáil ar an dlúthdhiosca sna siopaí áitiúla agus ón suíomh www.doimnic.com. Tá cóipeanna den diosca le baint ar lch 5 den eagrán seo. Ar ghuaillí a chéile: Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Griogair Labhruidh ag seoladh a ndiosca úr. Grianghraf: Tomás Curran Lillis Ó Laoire ag seoladh dlúthdhiosca Dhoimnic agus Ghriogair. Grianghraf: Tomás Curran Doimnic Mac Giolla Bhríde i gcuideachta a dheartháir Eoghan, a dheirfiúr, Marina, a athair, Doimnic agus a mháthair, Nellie, ag seoladh an diosca Guaillibh a’ Chéile. Grianghraf: Tomás Curran Edel Ní Chorráin, Seosaimhín Nic Eachaidh, Éabha Ní Mhonacháin, Máire Ní Mhonacháin agus Fiona Nic Corraidh ag seoladh an diosca úr Guaillibh a’ Chéile. Grianghraf: Tomás Curran Carmel Ní Bhriain Gearóid agus Ann Uí Mhaonaigh i gcuideachta Teresa Kavanagh ag seoladh an diosca Guaillibh a’ Chéile. Grianghraf: Tomás Curran Charlie Whoriskey agus a iníon Emma ag an seoladh. Tá deis ag léitheoirí Ghoitse cóipeanna den diosca Guaillibh a’ Chéile a bhaint sa chomórtas ar lch 5
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3