Goitse, Samhain 2010
Samhain 2010 Goιtse 15 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 20 23 24 25 26 27 28 29 21 22 16 17 18 19 Fáinleogaí le Máire Wren Níl radharc níos fearr tráthnóna samhraidh, ’s an ghrian ag dul ó sholas ná scáthchruth na bhfáinleog le spriolladh iontu ag cúbadh ‘s ag tumadh ’s ag fáinneáil san aer eadarbhuas Iad chomh tapaidh leis an ghaoth ’s chomh healaíonta le buíon damhsóirí. In airde sna creataí i mbóitheach na mónadh tá nead na bhfáinleog Mar a bhí anuraidh agus leis na blianta Amach leo le lán luais A ruible gabhlánacha ag gearradh na gaoithe ’s tá imeagla orm roimh an lá a bhfuadóidh gaoth an ómhair léithe go críocha ciana iad. B'éidir gur ár mealladh atá siad ’s nach bhfágann siad ar chor ar bith? Ach go dtéann siad i gcruth doeicthe go staid idir beatha agus bás, Is go ndéantar soeicthe ag tús an tsamhraidh arís iad! An feothan gaoithe a bhuaileann go tobann tráthnóna geimhridh thú, b’éidir nach bhfuil ann ach damhsa ciúin na bhfáinleog ’s iad ag eitilt fá na cuibhrinn ar chúl an tí. Tá Bantracht na Tuaithe céad bliain d’aois i mbliana agus, cé nach bhfuil mórán iomrá anois ar an eagraíocht, bhí an t-am ann, go h-áirithe sna 40í agus sna 50í, go raibh sí iontach tábhachtach sa cheantar seo. San am sin, ní raibh mórán de rogha ag mná faoin tuath ó thaobh saoil sóisialta de, taobh amuigh den áirneáil. Ní raibh fáilte rompu sna tithe leanna agus ba bheag eile a bhí le déanamh acu taobh amuigh dá teach féin. Glacadh an pictiúr seo sna 60í nuair a chuaigh cuid de na mná as Craobh Ghaoth Dobhair den Bhantracht ar cuairt go dtí an bácús i mBaile na nGallóglach. Ba mhaith linn fáil amach ónár léitheoirí cé hiad na mná atá sa ghrianghraf. Tuigimid go bhfuil cuid acu siúd atá sa ghrianghraf marbh ach tá go leor acu beo leo go fóill agus ba mhaith linn sibh scríobh isteach chugainn ag goitsenuacht@gmail.com Plúr na mBan Fáiltíonn Goitse roimh scéalta nuachta, grianghraif agus scríbhneoireacht chruthaitheach ón phobal. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag goitsenuacht@gmail.com
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3