Goitse, Samhain 2010

Ní stráinséirí ar bith iad Máiréad Ní Mhaonaigh, Maighréad Ní Dhomhnaill, Tríona Ní Dhomhnaill ná Máire Ní Bhraonáin sa taobh seo tíre. Níl le déanamh agat ach liosta de na grúpaí is clúití ceoil traidisiúnta a chur le chéile agus níl amhras ar bith ann ach go mbeadh Skara Brae, Altan, Clannad agus e Bothy Band ar bharr an liosta agus bhí na mná seo páirteach in achan ghrúpa acu. Anois tá siad le chéile leis an ghrúpa T with the Maggies agus dlúthdhiosca eisithe acu. Bhí láinseáil acu i dTábhairne Leo ag tús na míosa agus roimhe sin ag Amharclann Balor i mBealach Féich agus bhí siad le feiceáil ar an Late Late Show ar RTÉ. Beidh siad le feiceáil beo sa cheantar seo in Ionad Chois Locha ar an 2ú lá de mhí Eanáir mar chuid de Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy. Roimhe sin, beidh siad le feiceáil ar an teilifís arís ar 27 Nollaig ar chlár a taifeadadh i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha ar na mallaibh. EaGarfhocal nuair a ardaíonn siad an ráta morgáiste am inteacht ar an bhliain seo chugainn le déanamh cinnte go bhfuil siad ábalta brabach a dhéanamh. Arís, beidh muidne ag íoc as laigeachtaí an chórais. Fá láthair, tá fearg ar dhaoine. Tá na cláracha raidió lán feirge, daoine ag glaoch isteach chuig leithéidí Joe Duffy agus Shaun Doherty ag tabhairt amach faoin rialtas, ag rá go bhfuil siad“as teagmháil” leis an phobal agus nach bhfuil siad ag éisteacht linn. Bhal, tá faill againne sa toghcheantar seo labhairt amach go láidir agus inse don rialtas nach bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt do mhuintir na hÉireann. Ó thoisigh an cúlú airgid seo, dúradh linn go gcaithfí an pian a rannadh, cé go raibh sé soiléir go raibh élite ann a thug iasachtaí gan chéill do na bainc gan chéill agus nach raibh siadsan ag dul a ulaingt ar chor ar bith. Níor cuireadh ceist ar an tír ar aontaigh siad leis an chéim thubaisteach seo. Chuaigh siad ar aghaidh leis an ráthaíocht do na bainc agus tá muidne thíos leis ó shin. Arís, tá rialtas nach bhfuil ach tromlach triúir acu ag leagan amach plean cheithre bhliana agus níl eolas ar bith againne air. Tá a ios ag an Aontas Eorpach caidé atá ann. Tá a ios ag an IMF caidé atá ann agus, de réir cosúlachta, tá a ios ag rialtas Shasana caidé atá ann. Ach ní bhfaighfidh muidne amach fá dtaobh de go dtí go bhfuil an rialtas réidh le hinse dúinn. Níl a ios againn caidé atá ansin, ach ní daonlathas é. Tá feachtas ag gabháil ar aghaidh sa cheantar seo le bliain go leith nó mar sin le stop a chur le ciorruithe a bhí beartaithe ag an rialtas ó thaobh mhaoiniú na Gaeilge de. Go dtí pointe, tá ag éirí leis agus tá gealltanaisí faighte ag Guth na Gaeltachta agus ag eagraíochtaí eile go leanfar le maoiniú ar eagraíochtaí éagsúla Gaeilge. Caidé an seans go dtarlóidh sé sin nuair atá an IMF i gceannas ar an bhuiséad? Tá cinneadh le déanamh ag gach fear agus gach bean sa toghcheantar agus ag daoine áirithe beidh sé deacair an cinneadh sin a dhéanamh. Tuigimid go bhfuil dáimh agus dílseacht iontach ag cuid mhaith de dhaonra an toghcheantair seo do Fianna Fáil ach, ar son na tíre agus ar mhaithe leis na glúnta nach bhfuil vóta acu, caithfidh muid deireadh a chur leis an rialtas seo. Níl dabht ar bith faoi ach go bhfuil prachás ceart déanta den gheilleagar agus go mbeidh garpháistí na ndaoine is óige a chaitheann vóta Déardaoin seo chugainn ag íoc as neamart na mboc i dTeach Laighean. Ní seo an chéad uair a bhí ar mhuintir na hÉireann nasc a bhriseadh le páirtí polaitíochta a raibh dáimh agus dílseacht acu dó. arla sé sa bhliain 1918 nuair a bhí sé soiléir nach raibh tuigbheáil ar bith ag Páirtí Pairlimint-each na hÉireann ar caidé a bhí ag tarlú sa tír agus vótáil pobal na hÉireann amach iad agus chuir siad leithéidí de Valera isteach ina n-áit. Sílimid go bhfuil muid ag an phointe sin arís. Tá go leor dochair déanta. Bainimís triail as rud inteacht eile. Níl muidne ag dul moladh ar bith a thabhairt ar cé leis a ba chóir do dhaoine vótáil ach tá athrú bunúsach meoin de dhith sa tír má tá muid le fáil amach as an ghéarchéim seo. Tá rialtas lag againn a ligeann don élite seo a rogha rud a dhéanamh lenár maoin. Bímís láidir agus beidh linn. 4 Goιtse Samhain 2010 goitsenuacht@gmail.com Athrú bunúsach meoin de dhith orainn Nach aisteach an rud an saol? Nuair a d’oilsigh muid an chéad eagrán de Goitse i mí Aibreáin den bhliain seo, ba é an scéal mór ar an chéad leathanach ná “Cá bhfuil ár dTeachta Dála?” agus bhi muid ag iarraidh fáil amach cá huair a bheadh fo-thoghchán ann. Tá sé anois seacht mí níos moille agus, fá dheireadh thiar thall tá fo-thoghchán againn. Dar leis an rialtas go bhfuil sin maith go leor, go bhfuil an dualgas daonlathach comhlíonta acu anois agus go leanfaidh siad ar aghaidh sa treo ina raibh siad ag dul. Ach an bhfuil sin fíor? Cad chuige arbh éigean do Phearse Doherty dul chun na cúirte le fo-thoghchán a bheith againn? Caidé a deir sin faoin mheas atá ag an rialtas orainne, saoránaigh an stáit, na daoine a bheas ag díol as na peacaí a rinne an stát agus na bainc? Déanta na fírinne, níl ansin ach an tús. Tá sé de dhánacht ag an rialtas seo fo-thoghchán a “cheadú” sa toghcheantar seo ach níl cead ag muintir Bhaile Átha Cliath Theas nó Port Láirge vótáil ar son Teachta Dála i dtoghcheantar s’acu. Tá a ios againn uilig cad chuige, ach deir an rialtas go bhfuil siad ró-ghnoitheach ag cóiriú an chóras eacnamaíochta le bheith ag taisteal na tíre le vótóirí a mhealladh. Agus nach iontach an jab atá déanta acu! Tá siad chomh maith sin ag cóiriú an chórais go bhfuil an tAontas Eorpach agus an Ciste Airgead- aíochta Idirnáisiúnta ag teacht isteach le muid a tharrtháil, má chreideann tú iad. I ndáiríre, beidh siad ag tabhairt iasacht na mbilliún Euro don rialtas agus beidh an rialtas ag pronnadh sin ar Bhanc na hÉireann agus ar Bhanc Aontas Éireann le iad a choinneáil ag gabháil. Beidh custaiméirí an dá bhanc sin iontach sásta “Tá rialtas nach bhfuil ach tromlach triúir acu ag leagan amach plean cheithre bhliana agus níl eolas ar bith againne air. Tá a fhios ag an Aontas Eorpach caidé atá ann. Tá a fhios ag an IMF caidé atá ann agus, de réir cosúlachta, tá a fhios ag rialtas Shasana caidé atá ann.” T with the Maggies T with the Maggies: Mairéad Ní Mhaonaigh, Tríona Ní Dhomhnaill, Mairéad Ní Dhomhnaill agus Máire Ní Bhraonáin

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3