Goitse, Samhain 2010
Nuair a fógraíodh an fo- thoghchán, chinn muid ar ceistiúchán a chur thart ar na hiomaitheoirí le cur in iúl dár léitheoirí caidé na polasaithe a bhí acu ar réimse ábhar. Fuair muid freagra ar an cheistiúchán ó chúigear de na hiomaitheoirí, Ní bhfuair muid freagra riamh ó iomaitheoir Fine Gael, an Comhairleoir Barry O’Neill, cé go dtearna muid iarrachtaí dul I dteagmháil leis. Labhair muid leis an duine a bhí ag láimhseáil a chuid preasráitisí agus sheol muid ríomhphoist chuig an seoladh a tugadh dúinn ach cha dtáinig na freagraí. Mar sin de, níl muid ábalta an tseirbhís chuimsitheach a raibh muid ag dréim leis a thabhairt daoibh. Ach seo agaibh na freagraí a fuair muid. Tá sé libhse anois caidé mar a chaitheann sibh bhur vóta. Ceist 1 Caidé a dhéanfá chun fostaíocht a chruthú go háitiúil? Pearse Doherty Tá moltaí láidre curtha chun cinn ag Sinn Féin chun fostaíocht a chruthú agus a choinneáil sa cheantair seo agus ar fud an stáit. Ina measc tá clár spreagtha de €7 billiún chun poist a chruthú, chun ineistíocht a dhíriú ar cheantair atá faoi mhíbhuntáiste cosúil le Dún na nGall agus ciste fiontair tuaithe chun cuidiú le gnóthaí nua. Tá muid fosta ag iarraidh úsáid a bhaint as na 60 aonad folamha de chuid Údarás na Gaeltachta i nDún na nGall agus iad a chur ar fáil saor ó chíos ar feadh an chéad bhliain do dhaoine a bhfuil plean gnó inmharthana acu. Níl anseo ach cuid d’ár moltaí, tá go leor eile againn; mar shampla, tacaíocht airgeadúil níos airde do chomharchumainn, ineistíocht i bhfostaíocht pobail agus bunadh ciste sonrach do phoist don óige. Frank McBrearty Tá neamart déanta ar Dhún na nGall ar feadh I bhfad ró-ada. Tá 21,500 duine as obair sa chontae. Lig an rialtas seo an pobal síos. Tá na mílte ag fágáil na tíre in aghaidh na seachtaine. An t-aon dóigh le fostaíocht a chruthú go háitiúil ná an t-atmaisféar ceart a chruthú don ás eacnamaíoch. Ní bheidh sin furasta. Glacfaidh sé am agus obair chrua le sin a bhaint amach. Ach is féidir é a dhéanamh. Tá Páirtí an Lucht Oibre tiomanta do pobail áitiúla a orbairt fríd gnónna atá ann anois a chaomhnú agus gnónna úra a chruthú. Caithfear creidmheas a chur ar fáil arís do gnhónna beaga fríd Banc Ineistíochta Straitéiseach. Tá muid tiomanta fosta do Chlár Céimithe agus Printíseach, cur leis an Chlár Socrúcháin Oibre agus poist “Ghlasa” a chur ar bhun inmharthana. Brian Ó Domhnaill Dheimhnigh Éamon Ó Cuív, an tAire um Chosaint Shóisialta, le déanaí go mbeidh 1,000 post á chruthú i measc an phobail i gContae Dhún na nGall le linn na 18 mí seo chugainn. Cuirim fáilte roimh an scéala seo agus, go deimhin is rud é a bhí mé ag iarraidh ar feadh i bhfad. D'oibrigh mé go crua taobh istigh den Páirtí Parlaiminteach le chlár náisiúnta intéirneacht iarchéime do suas le 20,000 céimithe a chur i bhfeidhm. Tá tacaíocht orleathan faighte cheana féin ag mo thogra ó mo chomhghleacaithe pháirtí, agus tá áthas orm a rá go bhfuil an tAire Oideachais agus Scileanna Máire Ní Chochláin ag fiosrú clár intéirneachta faoi láthair. Tugaim tacaíocht do Údarás na Gaeltachta a dhualgas fiontraíochta a choinneáil faoi straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Beidh mé ag obair fríd an Údarás le go gcosnófaí os cionn 2000 post agus beagnach 500 gnó sa chontae agus ag maíomh ról leathnaithe don Údarás chun níos mó post a thabhairt chuig an chontae. Tugaim tacaíocht fosta maoiniú a choinneáil do phobail na Gaeilge agus na Gaeltachta atá chomh tábhachtach don gheilleagar áitiúil. Thomas Pringle Tá roinnt polasaithe agam agus, dá mba rud é go gcuirfí i bhfeidhm iad, chuideódh siad le cothabháil ag fás fostaíochta i nDún na nGall. Is féidir ár dtionscal iascaireachta a athnuachan agus bheith ina ábhar fostaíochta arís. Ach ní tharlóidh sé sin muna dtéann muid go dtí an Eoraip agus an troid a dhéanamh, rud nach bhfuil an rialtas á dhéanamh. Beidh mé mar chuid de thoscaireacht ag cruinniú leis an Coimisiún go luath i mí na Nollag le stocaireachta a déanamh ar an athbhreithniú ar an CBI. Is féidir leis Na Cealla Beaga agus Dún na nGall a bheith ag croílár orbairt na gaoithe amach ón gcósta agus cumhacht na dtonn. Cheana féin, tá pleananna ag LYIT túr oiliúna a thógáil don earnáil gaoithe ar an champas ar na Cealla Beaga agus na cúrsaí a orbairt maidir le cothabháil na tuirbíní. Tá acmhainn ollmhór bithmhaise (biomass) i nDún na nGall. Fástar cúig oiread crann ná atá de dhíobháil orainn leis an contae uilig a théamh. Bheadh tionscal nua ann ag forbairt adhmaid mar bhreosla atá inbhuanaithe agus dúchasach agus bheadh allmhairiú de € 2 billiún d'ola téimh bhaile. Ann Sweeney Ionad taighde agus nuálaíochta feirme a chur ar bun le tacú le táirgeadh feirme. Deireadh a chur le Comhaontú Pháirc an Chrócaigh agus Quangoes Gluaiseacht Comhar Creidmheasa níos láidre a orbairt. Ceist 2 Caidé do pholasaí don Ghaeilge sa toghcheantar seo? Pearse Doherty Tá Sinn Féin díograiseach faoi chuir chun cinn agus faoi úsáid na Gaeilge. Creideann muid go bhfuil fíor- bheagán déanta ag an rialtas faoi chuir chun cinn ár dteanga dhúchais. Leoga, is é a mhalairt atá fíor. Mar shampla, ionsaí ar an ‘luath- thumoideachas’ agus na ciorruithe ar íocaíochtaí do Mhná Tí faoi scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Creideann muidinne gur chóir cur chuige dearfach a bheith ann chun cosaint agus cur chun cinn na Gaeilge. Creidimid nár cheart níos mo ciorruithe a dhéanamh mar go ndéanfaidh siad lagú agus laghdú ar ár dteanga atá lárnach in ár stair agus in ár bhféiniúlacht náisiúnta agus dhomhanda. Leanfaidh mise ar aghaidh ag obair chun feabhsú agus chun cur i gcrích na straitéise 20 bliain. Mar bhall den Choiste Oireachtais, rinne muid go leor aighneachtaí chun an stráitéis a láidriú agus is gá don rialtas iad a chur i bhfeidhm anois. Tugann an Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge deis iontach dúinn chun a chinntiú go mairfidh ár dteanga beo agus láidir agus go mbeidh ráth uirthi sna glúnta atá le theacht. Ní thig linn ligint don rialtas an deis seo a chur amú. 6 Goιtse Samhain 2010 Fothoghchán Dhún na nGall Thiar Theas
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3