Goitse, Samhain 2010
Samhain 2010 Goιtse 7 Frank McBrearty Is é an seasamh atá ag Páirtí an Lucht Oibre ná go mbraitheann muid sular féidir aon dul chun cinn a dhéanamh ar athbheochan na Gaeilge, mar chuid de straitéis na 20 bliana, nach mór dúinn meastachán ceart a dhéanamh ar na cláir uilig atá i bhfeidhm cheana féin. Dúirt urlabhraí an Pháirtí, Brian O'Shea gur gá dúinn fáil amach cé h-iad na cláir oibre atá ag oibriú agus cá h-iad na cinn nach bhfuil. Ní mór dúinn roinnt athruithe tromchúiseacha a dhéanamh má táimid chun an cuspóir 250,000 duine ag úsáid na teanga ar bhonn laethúil a bhaint amach. Faoi láthair, níl sé ag obair. Brian Ó Domhnaill Caithfidh muid cinntiú go bhfuil maoiniú á choinneáil le tacú leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht. Níl sé seo go simplí faoinár gcultúr a chaomhnú amháin ach fosta faoin geilleagar áitiúil agus poist a choinneáil. Is é Fianna Fáil an t-aon pháirtí amháin a bhfuil polasaí soiléir, cuimsitheach, acu maidir leis an Ghaeltacht agus an Ghaeilge. An tseachtain seo a chuaigh thart, cheadaigh Coiste an Rialtais ar an Ghaeilge an dréacht-Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. Ciallaíonn an cinneadh sin go mbeidh straitéis chuimsitheach agus uaillmhianach nua don Ghaeltacht agus donn Ghaeilge againn faoi dheireadh na bliana agus sin scéal iontach do Dhún na nGall iar eas. Cuirfidh an straitéis seo cur chuige úr maidir le cur chun cinn na teanga agus d'orbairt chultúrtha, eacnamaíoch agus shóisialta na Gaeltachta. Tacaím go hiomlán leis an Ghaeilge a choinneáil mar ábhar riachtanach ag leibhéal na hArdteistiméireachta. Ba mhaith liom an Ghaeltacht a eiceáil neartaithe mar phobal labhartha Gaeilge agus líon na dteaghlach ina gcónaí taobh istigh den Stát a bhfuil an Ghaeilge mar theanga laethúil cumarsáide a mhéadú. Thomas Pringle Creidim go bhfuil an Ghaeilge lárnach dár bpobal agus tá sé ar cheann de na heochracha ar ár bhféiniúlacht. Caithfidh muid maoiniú a áil d'orbairt ár bpobal Gaeltachta agus féachaint chuige go bhfaigheann na Gaelscoileanna in áiteacha eile sa chontae tacaíocht agus forbairt. Ann Sweeney Tá an Gaeilge agus a cur chun cinn ar cheann de na sócmhainní cultúrtha an chontae. Bhí áiseanna den scoth ar Árainn Mhór agus in Anagaire in úsáid ag mo chlann. Chuirfinn Turasóireacht “Eco” i bhfeidhm, bunaithe ar chultúr agus dúchas an réigiúin. Creidim go bhfuil gá dúinn go mbeadh an Ghaeilge ina saothair grá seachas sna scoileanna seachas ina ábhar éigeantach. Creidim go bhfuil sí mar chuid dár n-oidhreacht agus dár ndúchas agus go gcaithfear í a choinneáil beo agus a chothú. Ceist 3 Caidé a dhéanfaidh tusa le cuidiú leis an phobal san am crua atá amach romhainn? Pearse Doherty Dhéanfaidh Sinn Féin gach rud is féidir chun cuidiú leis an phobal agus tá sé léirithe againn cheana féin go bhfuil dóigh níos fearr ann. Tá plean mionchruinn agus iomlán costáilte againn chun tarrtháil a thabhairt ar an eacnamaíocht. Cosnóidh ár bplean na gnáth-dhaoine agus seirbhísí poiblí mar Sláinte agus cuirfidh sé fás faoin eacnamaíocht arís. Déanfaimid sábháil trí caiteachas a ghearradh agus cosc ar chur amú airgid, mar shampla, tuarastail na nAirí agus na dTeachtaí Dála a ghearradh agus teorainn de €100,000 ar phá san earnáil phoiblí. Tá sé léirithe againn fosta gur féidir €4 billiún a shábháil trí córas cánach níos cothroime á dhíriú ar lucht an tsaibhris a bhfuil sé ar a gcumas níos mó a íoc. Frank McBrearty Tá muid i ndroch-staid airgeadais. Tá muid ar tí a fóirithinte amach ag an IMF/BCE. Ní áit dheas sin le bheith, I ndiaidh níos lú ná 100 bliain de neamhspleáchas. Ach beidh mé I mo ghuth láidir i rith an drochama, ag déanamh iondadíochta ar son na ngnáthdhaoine agus ag cinntiú nach bhfuil dearmad déanta orthu i nDáil Éireann. Cosnóidh mé ár seirbhísí sláinte sa réigiún, todhchaí ár bpáistí a chosaint san oideachas agus poist riachtanacha agus ineistíocht a thabhairt do gach earnáil i nDún na nGall iar eas. Tá ionadaithe poiblí a bheidh i tiubha an catha de dhith ar Dhún na nGall. Tá a ios ag achan duine go mbeidh Eamon Gilmore mar chuid den chéad Rialtais eile agus ba mhaith liom a bheith ann leis, mar chuid dá oireann, le dul chun cinn a chinntiú do Dhún na nGall iar eas. Troidfidh mé go dtí an deireadh agus gheibh mé rudaí déanta do dhaoine. Ó toghadh mé do Chomhairle Contae Dhún na nGall sa bhliain 2009 do cheantar Srath an Urláir, tá na gnáthdhaoine sa dáilcheantar ag feiceáil caidé mar a sheasaim suas dóibh ar bhealach nach bhfuil aon pholaiteoir eile á dhéanamh sa chontae. Brian Ó Domhnaill Is iad pobail Dhún na nGall cuid de na buanna is mó atá againn. Caithfidh an Rialtais aitheantas a thabhairt dóibh agus tacaíocht a thabhairt do na grúpaí a chuireann go dearfach leis na pobail sin. Tá cosaint tithe teaghlaigh iontach tábhachtach do Fianna Fáil. Táimid ag cuidiú cheana féin beagnach 18,000 teaghlach go díreach trí Forlíonadh Úis Morgáiste. Táimid I ndiaidh Faoiseamh Ús Morgáiste a athdhíriú chun cuidiú leo siúd a cheannaigh a gcuid tithe ag an bhuaic ar an margadh. Cuirfear bearta breise a fógraíodh an tseachtain seo a chuaigh thart i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana. Ina measc tá Scéim Úis iarchurtha do iasachtaithe a thabharfadh deis do dhaoine 5 bliana a áil ar ais ar a gcosa. Déanfaimid ár ndícheall chun a chinntiú gur féidir teacht ar chreidmheas a áil do ghnólachtaí áitiúla. uairiscigh Oifig an tAthbhreithniú Creidmheasa, (CRO) a bunaíodh I mí Márta na bliana seo, an tseachtain seo a chuaigh thart go bhfuil níos mó iasachtaí á dtabhairt do ghnólachtaí beaga ag an dá bhanc is mó sa tír. Tá sé thar a bheith tábhachtach go leanaimid orainn ag déanamh gach rud is féidir linn feabhas a chur ar rochtain ar creidmheasa. Thomas Pringle Tá am iontach crua romhainn. Caithfidh muid troid in aghaidh ciorruithe a bheas brúite orainn ón rialtas agus leithéidí an IMF. Tá muid níos fearr as má tá muid ábalta seasamh ar ár mbonnaí féin in áit muid féin a ágáil ag an trócaire ar an IMF. Ní dhéanfaidh polasaithe ciorruithe an rialtais maitheas ar bith do theaghlaigh atá ag fulaingt cheana féin. Ann Sweeney Fóirdheontais morgáiste, léas ar ais úinéireacht i bpáirt agus do chónaitheoirí tithe a bhfuil deacrachtaí aige Daoine aosta Bónas na Nollag a thabhairt isteach arís Mic léinn Oideachas saor in aisce agus gan aon táillí le híoc Liúntas comhionann leis an dole a áil “Cap” ar phraghsanna lóistín champas ollscoile Ceist 4 Caidé ba mhaith leat a fheiceáil sa bhuiséad i mí na Nollag? Pearse Doherty An rud is mó a ba mhaith liom a eiceáil ná buiséad an rialtais atá bunaithe ar chiorruithe de luach €6 billiún a bheith caite sa bhosca bruscair. Má thoghtar mé sa toghchán seo, is cinnte nach mbeidh mé ag vótáil ar son an bhuiséid fiánta seo. Tá mise ag iarraidh buiséad úr – buiséad forásach a léireoidh cuid roghanna réadúla Shinn Féin. Frank McBrearty Ar an drochuair, ní bheidh ár gcuid smaointe agus polasaithe mar chuid de bhuiséad an Rialtais seo. Beidh plean s’acu ciorruithe €6bn a chur orainn iontach tubaisteach agus cuirfidh sé deireadh le fás sa bhliain 2011. Go bunúsach, i mbuiséad na Nollag, ba mhaith linn cothromaíocht agus comhionannas a eiceáil. Ba mhaith linn béim a eiceáil ar pholasaithe a cruthóidh poist agus banc ineistíochta straitéiseach a chur ar bun agus airgead a áil arís ag ghnónna bheaga agus mheánmhéide, cuisle na bpobal áitiúla. Bhí Páirtí an Lucht Oibre go láidir in éadan gearradh leasa shóisialaigh sa bhuiséad seo caite. Beidh muid ag cur in aghaidh aon laghdú i rátaí leasa bunúsacha sóisialta sa bhuiséad se fosta, chomh maith le haon bhearta eile a ghearrfaidh pionós go héagórach orthu siúd atá ar ioncam íseal. Creidimid gur féidir leis an coigeartú airgeadais a bheidh ag teastáil sa bhuiséad a bhaint amach gan cur isteach ar shaol na cosmhuintire, mar a bheas le feiceáil sa doiciméad a bheas muid ag foilsiú roimh an 7 Nollaig. Brian Ó Domhnaill Tá beagnach 9,000 feirmeoirí i nDún na nGall agus ba mhaith liom íoc- aíochtaí le feirmeoirí a chothabháil a eiceáil sa bhuiséad, go háirithe, íocaíochtaí faoin Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste, an Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta chomh maith le méadú ar íocaíochtaí faoin Scéim Leasa Diúil. Mar an gcéanna, d’oilsigh Bord Iascaigh Mhara a straitéis 2010-2012 'Ag Seachadadh ar Acmhainneacht Bhia Mara na hÉireann'. Leis na spriocanna sin a bhaint amach, mar shampla ag cruthú 600 post breise in earnáil an bhia mara, caithfidh muid ineistíocht san earnáil iascaigh a choinneáil. Tá feirmeoireachta agus iascaireachta riachtanach do chontae Dhún na nGall agus do cruthú post sa chontae. Mar ocal scoir, ba mhaith liom an Clár Intéirneachta Iarchéime Náisiúnta a eiceáil á thabhairt thabhairt isteach le cuidiú le céimithe óga ag streachailt chun obair a áil nó taithí oibre a áil. Creidim go bhféadfadh sé seo a thabhairt isteach ar chostas an-bheag don Rialtas. Thomas Pringle Níor mhaith liom rud ar bith a eiceáil i mbuiséad de chuid an rialtais seo. Tá olltoghchán de dhith go géar sula ndéanann siad níos mó dochair don tír. Ann Sweeney Deireadh le Comhaontú Pháirc an Chrócaigh agus Quangoes Seirbhísí sláinte agus oideachais saor do achan duine Athchóiriú ar an chóras toghchánaíochta agus deireadh a chur leis na monaplachtaí bainc agus stáit Gluaiseacht níos láidre Comhar Creidmheasa Níos mó ionchur pearsanta sa rialtas ag an ghnáth-dhuine. Fothoghchán Dhún na nGall Thiar Theas Pearse Doherty Frank McBrearty Brian Ó Domhnaill Thomas Pringle Barry O’Neill Ann Sweeney Glac síntıús poist le Goιtse 12 eagráin seolta chugat sa phost ar €40
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3