Goitse, Samhain 2010

8 Goιtse Samhain 2010 Tá an tír ar fad bun os cionn, níl a ios againn fiú cé leis í, an leis na bainceirí í nó b’eidir gurb iad siúd a thug na hiasachtaí do na baincéirí ar leo í? Cibé dóigh a bhfuil sé, tá fir agus mná i gcultacha ag dul ó dhoras go doras ag lorg an cumhacht uainne chun iarracht éigin contae s’againne a tharraingt ar ais ón imeall. Seans gur b(h)aincéirí iad sin fosta! Ní raibh mórán jabanna anseo nuair a bhí rudaí go maith ach le goirid tá rudaí ag dul chun donais, agus ar eagla go mbeadh duine ar bith dall air seo tá an nádúr ag déanamh comhcheilg in ár n-éadain agus tá na gaotha móra tagtha — pathetic fallacy a thugadh an máistir scoile air. Tá fiú baitsiléar na nGael socraithe síos leis an bhean is álainne faoi chnoc agus babaí beag galánta dá gcuid éin acu. Tá rudaí chomh dona sin go bhfuil fealsúnaí cónaithe each Hiudaí Beag, ag caoineadh isteach ina chuid cáise. An é seo deireadh an domhain mar atá aithne againn orthi? Ach ní mar a shíltear a bhítear. Tá an tArd Rí go fóill ag troid an chatha agus tá siad ag teacht ó na ceantair Gaeltachta agus ón Ghalltacht le páirt a ghlacadh i réabhlóid na nGael. Sea, tá rudaí go dona nuair atá muid ag brath ar an Chabaret Craiceáilte le muid a choinneáil ag dul tríd na hoícheanta dorcha atá amach romhainn. An mhí seo a chuaigh thart, bhí blas difriúil (barraíocht cáise b’éidir) ar an Chabaret mar go raibh sé á chraoladh beo ar RnaG mar chuid de sheachtain ceoil an chraoltóra. Bhí an Daidí Mór ag bocléimnigh thart ar fud na háite ag cuir agallaimh agus eagla ar an lucht féachana agus ar aíonna na hoíche. I measc na gceoltóirí bhí Na hIconics a rinne leagán Gaeilge de Freefalling . Tá Emma agus Cormac ag dul ó neart go neart agus is léir gur breá leis an lucht féachana iad a eiceáil ag teacht ar ais. Bhí muid millte go hiomlán an oíche sin mar, cé bhí in ár láthair ach Eoin Dillon , an píobaire clúiteach ó Kíla. Tá ráflaí ag dul thart gur bhain sé an oiread sin sult as an oíche go bhfuil sé chun an chuid eile den bhanna a thabhairt leis an chéad uair eile a bheas sé i nGaoth Dobhair. Tá sé thar am acu teacht, nach bhfuil a ios acu gurb é seo an ait atá sé uilig ag tárlú? Dár ndóigh bhí aíonna eile i láthair — bhí Síle Ní Scanláin as Conamara agus Máire Ní Choilm as an bhaile seo ag ceol amhrán, chomh maith le Róise Nic Corraidh as Béal Feirste. Bhí an Gael mór ón tSiombáib, Tura Arutura ag damhsa — shílfeá go mbíonn seisean ansin chomh minic leis an bhanna tí? Ag deireadh na hoíche, i ndiaidh do beagnach achan duine turn a dhéanamh, chuaigh Rónán Corbett amach ar lár an urlár le damhsa a dhéanamh ar an tsean-nós. Ní fada go raibh slua mór amuigh ar an urlár ag dul ar mire.Á, tá achan rud mar is ceart ar an Domhain… Bhí mé ag labhairt le Traic Ó Braonáin an tseachtain seo a chuaigh thart agus bhí se ag inse dom go mbeidh sé ag bualadh ag an Chabaret roimh an Nollaig. Bhí cuma cineál buartha ar a aghaidh beag soineanta nuair a d’iarr sé orm caidé go díreach atá sa Chabaret Craiceáilte seo. Rinne mé meangadh beag gáire agus dúirt mé leis go raibh sé cosúil leis an bhord cáise is deise – lán le bhlaisíní beaga den chuid is fearr dár gcultúr le corr easi-single caite isteach. Ach, cosúil leis an cháis caithfidh tú bheith cúramach mar níl sé foirstineach do achan ghaile. Saorthitim: Emma Ní Fhuaruisce óna hIconics ag Cabaret Dheireadh Fómhair Croí isteach: Síle Ní Scanláin, Conamara, agus Róise Nic Corraidh, Béal Feirste Ag gabháilfhoinn: Síle Ní Scanláin, Conamara, ag Cabaret na míosa seo caite Ar an aer: Ciarán Mac Feilimidh ag casadh poirt ar an fheadóg mhór don craoladh beo a rinne Rónán Mac Aodha Bhuí ar Chabaret Dheireadh Fómhair do Raidió na Gaeltachta Muintir Cearbhail Fáilte chuig tearmann an Chabaret Chraiceáilte! Rónán Corbett i mbun damhsa ar an sean-nós ag Cabaret Craiceáilte Dheireadh Fómhair i dTeach Hiúdaí Bhig

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3