Goitse, Samhain 2010
Samhain 2010 Goιtse 9 Beidh an rac ghrúpa, e Dirty Nines, an sár-ghrúpa reggae/ska BRÉAG, agus sár-amhránaí Inis Oírr, Macdara Ó Conaola, i measc na gceoltóirí a bheas ar an ardán ag Cabaret Craiceáilte na míosa seo i nGaoth Dobhair. Tá an Cabaret, ar cuireadh tús leis í mí Lúnasa 2008, ag dul ó neart go neart, agus táthar ag dréim le scaie fíánta as achan áit sa tír i nGaoth Dobhair, De Sathairn seo, 27 Samhain. Is é seo an tríú uair ag an ghrúpa Bréag, cuairt a thabhairt ar an Chabaret Craiceáilte, ach tá siad páirteach sa ghluaiseacht Chraiceáilte ón uair gur ghlac siad páirt san Fhéile, Craic na Samhna, sa bhliain 1993. Tá trí cheirnín eisithe acu ó shin, ‘An Fhírinne, ‘Gan Jah’ agus ‘An Peaca’ a tháinig amach cúpla bliain ó shin. Sheinn Bréag ag na Féilte Craiceáilte i Rath Cairn i 1993, 1994, 1995, agus i nGaoth Dobhair i 1997 agus 2000, chomh maith le Craic an tSamhraidh i gConamara i 1996, agus An Chamchuairt Chraiceáilte chuig Fleadh Feirste anuraidh, agus Féile Oriel, i Muineachán, i mbliana. Tá turasanna déanta acu in Albain, An Bhreatain Bheag agus Tír na mBascach fosta, ach tá dáimh ar leith acu leis an Chabaret agus na Féilte Craiceáilte mar a mhínigh Nic Saidléir ón ghrúpa : “Tá draíocht ar leith ag baint leis na ceolchoirmeacha craiceáilte, agus muid ag ceol do mhuintir s’againn féin, lucht leanúna atá dílis dúinn ón chéad lá”. áinig BRÉAG, arbh as Gaeltacht Iarthar Bhéal Feirste dóibh, le chéile ar dtús le linn na dtrioblóidí, ag tús na nócháidí. Canann siad amhráin a phléann téamaí pholaitiúla, grá agus raithnigh, agus moltar do dhaoine a gcuid bróga búgalú a chaitheamh go bródúil mar go mbeidh neart scancáil le déanamh ag an cheolchoirm seo Tigh Hiúdaí De Sathairn seo, 27 Samhain. Tá na Dirty Nines, as Baile Átha Cliath, le chéile le cúpla bliain anuas, agus cheana féin tá an chéad áit sa chomórtas náisiúnta Rac Cheoil, Deis Rac buaite acu. Sheinn siad ag Picnic na hAibhleise, Electric Picnic na bliana seo den chéad uair, ar stáitse An Chabaret Craiceailte, sa Phuball Gaelach ansin. Tá iomrá mór orthu sa Phríomhchathair, agus deir Cían Mac Carthaigh ón ghrúpa go bhfuil siad ag súil go mór leis an chéad chuairt seo ar Ghaeltacht ír Chonaill. ' Seo é an céad uair roimh dúinn a beith ag seinm i dTír Chonaill. Chuala muid rudaí iontach faoi Tigh Hiudai agus an Cabaret Craiceáilte ó 'Henrietta Game' agus dá bharr sin tá muid ag súil go mór leis an cheolcoirm!' adúirt Cían. Maidir leis an tionchar ceoil atá ar na Dirty Nines, deir Cían: “Meascán do ceol rac, indie agus acoustic atá sa cheol. Bhí tionchar mhór ag bannaí cosúil le Arcade Fire, Ryan Adams and the Cardinals, e Frames, Oasis agus Echo and e Bunnymen orainn”. Cosúil le go leor grúpaí eile a chas ag an Chabaret go dtí seo, canann siad i mBearla den chuid is mó de ghnáth, ach ghlac siad leis an dúshlán seit iomlán Gaelach a chur le chéile don Chabaret. Ta ceirnín úr, i mBéarla, ‘Stop Screaming, Start Dreaming’, leirithe ag leiritheoir na Manic Street Preachers & Super Furry Animals, Greg Haver, go direach eisithe acu agus tá léirmheasanna dearfacha faighte acu. Tá stíl ar leith acu a mheallfas lucht leanúna an-mhór ar fud na tíre, agus beidh siad ag baint croitheadh as na ballaí traidisiúnta, Tigh Hiúdaí, De Sathairn seo, 27 Samhain. Tá Macdara Ó Conaola, as Inis Oírr, Gaeltacht na Gaillimhe, ar dhuine de na hamhránaithe óga seo, atá ag tabahirt instealladh úr do shean- amhráin na Gaeilge. Beidh Macdara, agus a chomrádaí ceoil, Camille Champarnaud, as Páras na Fraince, ag leiriú, cad chuige a raibh oiread cainte maidir leis an cheirnín ‘e Love Token’ a d’eisigh sé sa bhliain 2007. Deartháir é leis an amhránaí Lasairíona Ní Chonaola. Bíonn éileamh air ag féilte amhránaíochta agus ceoil in Éirinn agus thar lear agus beidh fáilte mhór roimhe, ag an Chabaret. Mar is gnáth, beidh aoí-cheoltóirí eile ar an stáitse fosta, ach is fiú a lua, go mbeidh tús á chur leis an oíche, níos luaithe, ná mar a bhionn de ghnáth, ag 8.30pm, agus gealltar suas le 4 uair a chloig de cheol agus síamsaíocht ar shladmhargadh de €5. Dean dearmad ar an phracás atá déanta ag lucht gaimbín den tír, agus bainigí sult as an réabhlóid Chraiceáilte, Tigh Hiúdaí, An Bun Beag, Gaoth Dobhair, De Sathairn seo, 27 Samhain, 8.30pm. Scaipigí an soiscéal! Tá an tír ina phrácás achmaireann Réabhlóid Chraiceáilte an Cabaret Beidh na Dirty Nines ag racáil ag Cabaret Craiceáilte na Samhna Mac Dara Ó Conaola Tá an sárghrúpa reggae is ska as Béal Feirste, Bréag, ar ais i dTigh Hiúdaí Bhig do Chabaret na míosa seo.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3