Scathlan 3
Seanchas agus Dinnsheanchas i nGaoth Dobhair 1 D6nall P. 6 Baoill Go mbeannai tu sinn a Dhia Go mbeannai tu ar mbia agus ar ndeoch Os tu a cheannaigh sinn go daor Go saorai tu sinn ar gach uile olc. Bail na gcuig n-aran agus an da iasc A roinn Dia ar na cuig mhile ·a bhi sa tslua Bail na Ri a rinn an Roinn Go dtigidh ar ar gcuid agus ar ar gcomhphroinn. Altu roimh bhia 6 Ghaoth Dobhair. An te a chaithfeas a shuil inniu ar phar6iste Ghaoth Dobhair agus a fheicfeas a bhfuil de dhaoini agus de rathunas inti, is doiligh leis a chreidbheail gur gairid an seal 6 bhi an ait ina bhlar fholamh. An te a shiulfadh fa na b61aigh cheanna sa bhliain 1600, drochsheans an bhfaigheadh se 100 duine le cuntas. lad sin fein ba fa chladaigh gainimhe ar an Ghlaisigh, ar na Carraiceacha agus 6 Mhachaire Chlochair sios go Machaire Gathlan a gheobhadh se a shuil orthu. 2 B'fhusa a bheith ag sclabhaiocht ar an talamh chothrom seo na a bheith ag gabhail in abar sna portaigh fhuara, fhliucha a bhi ar a gcul. Ach de reir a cheile tugadh an cadhran, cadranta chun mineadais agud spreigh daoini a n-aitreabh i ngach uile ait go bun na gcnoc agu$ ta an spreadh ar siul 6 shoin agus an ait ag gabhail as aithne gach uile la da ngealann. Mas as aithne ata an ait ag gabhail, as cuimhne ata go leor dar bhain le munlu agus le cl6dh na ndaoini a thainig mar dhithreabhaigh chun na haite le 400 bliain anuas n6 mar sin ag gabhail. Is ar an mhunlu a rinne siad ar a raibh leo agus ar a bhfaca siad rompu, agus ar ar eirigh daofa ina dhiaidh sin a bheas caint agam anseo. Ta beim leagtha anseo thios ar an Dinnsheanchas ach le sin a dheanamh i gceart agus ar caoi, caithfidh me leathshuil a chaitheamh ar sheanchas agus ar scealaiocht na par6iste n6 ta go leor den Dinnsheanchas fite fuaite agus munlaithe sa da ghne sin den duchas. Ce gur minic daoini ag caint agus ag casaiocht fa Ghaeilig Ghaoth Dobhair, agus chan lena moladh i gc6nai e, is beag duine a bhios ag cur faisneise fan tseanchas a bhain leis an ait. Agus cha beag meid an tseanchais cheanna. Ta cuid de a scriobh i dt61amh, cuid eile de ina chodladh i lamhscribhinni Roinn an Bhealoidis i mBaile Atha Cliath 3 agus lear eile de a iompar thart ag daoini agus gan caint ar a scriobh go f6ill. Seo a leanas na teidil ar shampla beag de mh6riomlan na scealtai a cruinniodh 6 sheanchaithe as gach cearn den phar6iste: Is leir 6 na teidil 48
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3