Scathlan 3
shamhail muintir na haite san aois seo caite go raibh aon bhaint ag an logainm seo leis an dobharchu. De bharr easpa fianaise ni feidir a bheith cinnte fa bhunleagan n6 fa chiall an ainm seo. Thiocfadh leis gur truailliu e ar rud ineacht cosuil le * Glaise an Chu, * Glaiseach Chu n6 go fiu * Glaiseach Aodha. 18. Gleann Tornain: Glentomane Hearth Money Rolls (1665) Gleann Tomain 'Tornan's or Dornan's Valley' Sean 0 Donnabhain. Ghlac Sean 0 Donnabhain leis gur ainm duine a bhf sa dara cuid den ainm seo agus de reir an tseanchais is deisceabal de chuid Cholmcille an Toman n6 Torannan ata i gceist. Nfl tracht ar bith ag Manas 0 Domhnaill ar Toman. Luaitear Torann amhain i bhfeilirf na naomh. Bhf se ina abb i mBeannchor (Meitheamh 12) ach nf thig ea cheangailt le Colm Cille. Ta an t-ainm pearsanta Toman le fail i seanfhoinsf. Ach is e mo bharuil nach ainm duine ata sa dara cuid den logainm seo chor ar bith ach ainm abhna, an ceann a dtugtar Abhainn Ghleann Tomain uirthi sa la ata inniu ann. Is minic a fhaigheann muid ainm abhna ceangailte le gleann, mar shampla, Gleann Suilf agus Gleann Fhinne. Uaireanta nf mhaireann bunainm na habhna anois ach amhain mar an dara cuid do logainm a bhfuil Gleann mar chead chuid de. Mar shampla, Culdaff River a bheirtear anois ar an abhainn ata ag reachtail frfd G/eann Daoile (Gleneely) i nlnis Eoghain. Ta a fhios againn 6n tSeanlitrfocht gurb e An Dao/ bunainm na habhna seo. Ach nf mhaireann an t-ainm Dao/ ach sa dara cuid den ainm Gleann Daoile. Mar an gceanna, is e mo bharuil gurb e An Toman an t-ainm a bhf ar Abhainn Ghleann Tornain an chead la. Bheadh gaol ag an ainm seo leis an ainmfhocal torann a chiallafonn 'torman' n6 'ea/Ian'. Dfol suime e go bhfaigheann muid torann agus ea/Ian araon mar ainmneacha ar dha abhainn is iad sin, An Callann in Ard Mhacha agus An Torann (Torrent) i dTfr Eoghain. Dalta an ainm Dobhar, bhainfeadh an t-ainm Toman leis an ghrupa is sine logainmneacha sa tfr. D'fh6irfeadh An Toman, is e an abhainn torannach, callanach, go maith mar ainm ar an abhainn seo. 19. An Luinneach Limagh (leg. Linnagh) Sur. Ult (1608); Lenagh Civil Survey (1654); Luinneach 'abounding in blades' Sean 0 Donnabhain. De reir cosulachta, shfl 0 Donnabhain go raibh baint ag an ainm seo le lann mfniu a mhothaigh me fhein ag daoine eile. Ach is e mo bharuil gur m6 an seans gurb e an focal loingeach ata anseo, focal a mhfnftear i bhFocl6ir Uf Dh6naill mar 'quaqmire'. Ta claonadh sa chaint -ing– a ra mar -inn- rud a mhfneodh foghru an ainm; mar shampla, deirtear dinneadh in ait dingeadh, fairsinn in ait fairsing. Thig an focal seo loingeach 6n fhocal long a chiallafonn 'slugaire' n6 'poll slogtha'. Ta an focal long le fail sa chaint sa dara cuid de scraith loinge. 20. Machaire Chlochair: Maghery enclogher Sur. Ult. (1608) Maghery Clogher Civil Survey (1654) Machaire Chlochair 'plain of the stones'Sean 0 Donnabhain 80
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3