Rinneadh an leabhar Scoil na gCruach (1907-1971) a sheoladh go hoifigiúil i mí Feabhra 2008. Is éard atá sa leabhar seo ná stair Scoil na gCruach atá suite i nGaeltacht Láir Thír Chonaill, scoil a bunaíodh sa bhliain 1907 agus a druideadh in 1971.
Tá mórán eolais agus seanchais sa leabhar seo fosta ar cheantar na gCruach i gcoitinne mar aon le cuimhní cinn iardhaltaí scoile agus scoláirí Gaeilge a thugann léargas ar an dóigh a ndeachaigh an fhíorGhaeltacht seo i bhfeidhm orthu féin.
Is í Áine Ní Dhíoraí a chuir an leabhar i dtoll a chéile agus tá cóip dhigiteach den leabhar le fáil ar an Taisclann anois san fhillteán 'Bailiúchán Leabhar'.
Cuid den scaifte a bhí i láthair ag seoladh an leabhair Scoil na gCruach (1907-1971) i mí Feabhra 2008. Sa phictiúr seo tá an iarmháistreás Máire Uí Cheallaigh (ina suí sa lár) i measc cuid d’iarscoláirí na scoile. Ba í Máire an múinteoir deireanach a bhí sa scoil agus theagasc sí idir na blianta 1952 agus 1971.
Cuid den scaifte a bhí i láthair ag ócáid sheolta an leabhair Scoil na gCruach (1907-1971) i mí Feabhra na bliana 2008. Ina suí sa lár, tá Máire Uí Cheallaigh, a theagasc i Scoil na gCruach ó 1952 go dtí 1971, tráth ar druideadh an scoil den uair dheireanach ceal daltaí. Mórthimpeall ar Mháire sa phictiúr seo, tá iarscoláirí de chuid na scoile agus ina suí ar thaobh na láimhe clé di, tá Áine Ní Dhíoraí a rinne eagarthóireacht ar an leabhar.