Scoil na gCruach (1907-1971)

Rinneadh an leabhar Scoil na gCruach (1907-1971) a sheoladh go hoifigiúil i mí Feabhra 2008. Is éard atá sa leabhar seo ná stair Scoil na gCruach atá suite i nGaeltacht Láir Thír Chonaill, scoil a bunaíodh sa bhliain 1907 agus a druideadh in 1971.

Tá mórán eolais agus seanchais sa leabhar seo fosta ar cheantar na gCruach i gcoitinne mar aon le cuimhní cinn iardhaltaí scoile agus scoláirí Gaeilge a thugann léargas ar an dóigh a ndeachaigh an fhíorGhaeltacht seo i bhfeidhm orthu féin. 

Taisclann chartlainne úr á forbairt

Tá tionscadal cartlainne ar siúl san am i láthair ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair a bhfuil sé d’aidhm aige ábhar foilsithe agus neamhfhoilsithe a bhaineann le Gaeltacht Dhún na nGall ach go háirithe a dhigitiú, a rangú agus a chur ar fáil go héasca don phobal.