- Micheal's Blog
- Log in to post comments
Tá tionscadal cartlainne ar siúl san am i láthair ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair a bhfuil sé d’aidhm aige ábhar foilsithe agus neamhfhoilsithe a bhaineann le Gaeltacht Dhún na nGall ach go háirithe a dhigitiú, a rangú agus a chur ar fáil go héasca don phobal. Chuige sin, tá suíomh gréasáin á fhorbairt ag an Acadamh agus i measc na nithe a mbeidh teacht ag an phobal orthu ar an tsuíomh seo, beidh nuachtáin agus irisí áitiúla; leabhair agus leabhráin; bróisiúir agus treoirleabhair; paimfléid agus bileoga eolais; mar aon le lámhscríbhinní agus litreacha a cruthaíodh le corradh agus céad go leith bliain anuas.
Is é www.taisclann.ie seoladh an tsuímh ghréasáin agus is féidir blaiseadh de roinnt den ábhar atá digitithe go dtí seo a aimsiú air, mar shampla, an nuachtán Gaeltacht ó na 1970idí agus an iris Guth agus Tuairim ó na 1980idí. Beifear ag cur leis an ábhar ar an tsuíomh seo de réir a chéile sna míonna beaga atá amach romhainn tráth a mbeidh teacht ag an phobal ar fhoilseacháin spéisiúla eile ar nós Guth Ghoill agus Glór Ghaoth Dobhair.
Ó bronnadh bailiúchán lámhscríbhinní Antoine Uí Dhochartaigh (1863-1932) ar an Acadamh timpeall an ama seo anuraidh, tá obair leanúnach ar siúl i dtaca le digitiú agus le caomhnú an ábhair atá sa bhailiúchán seo agus táthar ag súil go ndéanfar ábhar an bhailiúcháin ar fad a thaispeáint ar an tsuíomh le linn na bliana atá amach romhainn. I measc an ábhair a bheas le feiceáil sa bhailiúchán thar a bheith tábhachtach seo, beidh seanamhráin, dánta, rannta, paidreacha agus seanscéalta a rinne an t-uasal Ó Dochartaigh a bhreacadh síos ó bhunadh Ghaeltacht Dhún na nGall corradh agus céad bliain ó shin.
Le cois na bhfoilseachán agus na gcáipéisí atáthar á ndigitiú agus á gcur go leanúnach leis an taisclann ar líne, tá gailearaí de sheanphictiúir á chruthú ag an Acadamh a thabharfaidh léiriú ar leith ar áiteacha éagsúla agus ar shaol na ndaoine san am atá caite. Faoin tráth seo, tá breis agus 3,000 pictiúr digitithe agus is féidir cuardach éasca a dhéanamh orthu i nGaeilge nó i mBéarla. Baineann tromlach na bpictiúr le Contae Dhún na nGall agus is beag dúiche ó Mhálainn go Gleann agus ó Leifear go hÁrainn Mhór nach bhfuil pictiúr ann de. Cé gur leis an chéad leath den fhichiú haois a bhaineann an chuid is mó de na seanphictiúir sa bhailiúchán, tá roinnt pictiúr ann a shíneann siar níos faide arís go dtí na 1870idí nuair a bhí cúrsaí grianghrafadóireachta díreach ina thús. Beifear ag cur go leanúnach leis an stóras ollmhór pictiúr seo agus más amhlaidh go bhfuil aon ábhar spéisiúil i do sheilbh féin nár mhiste leat a roinnt agus a chur ar fáil don phobal, is féidir dul i dteagmháil leis an Acadamh ag gaothdobhair@ollscoilnagaillimhe.ie.
![Baicle daoine i mBéal Átha Seanaidh c.1880](/sites/default/files/inline-images/Baicle%20daoine%20i%20mB%C3%A9al%20%C3%81tha%20Seanaidh%20c.1880.jpg)
![Cuairt Rí Shasana ar Bhun Cranncha ar an 28 Iúil 1903](/sites/default/files/inline-images/Cuairt%20R%C3%AD%20Shasana%20ar%20Bhun%20Cranncha%20ar%20an%2028%20I%C3%BAil%201903.jpg)